Trevor don Áras
Tá feachtas Facebook ag dul chun Trevor Sargent a bhrú don Uachtaránacht. Thig clárú leis ach tú dul chuig http://www.facebook.com/pages/Trevor-Sargent-TD-don-Uachtarantacht-Trevor-Sargent-TD-for-President/354581708723
Tá feachtas Facebook ag dul chun Trevor Sargent a bhrú don Uachtaránacht. Thig clárú leis ach tú dul chuig http://www.facebook.com/pages/Trevor-Sargent-TD-don-Uachtarantacht-Trevor-Sargent-TD-for-President/354581708723
Glacadh ag tionól Stormont tráthnóna le rún ag moladh go leanfaí le dílárú cumhachtaí phóilíneachta. Ní raibh Willie Mc Crea i láthair ag an vóta agus níl vóta ag an chathaoirleach Willie Hay ach seachas sin vótáil gach ball tionóil den DUP ar son an rúin. Vótáil an UUP i gcoinne an rúin. Thacaigh baill [...]
D’íoc AIB €3.6m ar thuarastal dá bpríomhfheidhmeannaigh anuraidh. Titim é ar an fhigiúr do 2009 nuair a íocadh €5m leo. Léiríodh an méid sin i dtuarascáil bhliaintiúil AIB a foilsíodh inniu. Léiríodh ann fosta go bhfuil go leor de na feidhmeannaigh a bhfuil iasachtaí acu ón bhanc. Orthu sin tá iasachtaí ar luach €1.77m ag [...]
Deir rialtas Cúba nach bhfuil siad chun géilleadh do stailceoirí ocrais atá ag troscadh i bpríosúin na tíre. Coicís ó shin cailleadh Orlando Zapata Tamayo agus é ag troscadh i bpríosún Combinado del Este. I ndiaidh a bháis thosaigh iriseoir easaontach, Guillermo Farinas, ar stailc ocrais. Dar leis go bhfuil sé chun leanúint leis an [...]
Tháinig méadú ar chailliúintí Aer Lingus anuraidh. Ach bhí ábhar dóchais ann don aerlíne nó rinne siad brabach sa dara cuid den bhliain. Ar an iomlán chaill Aer Lingus €81m sa bhliain 2009 i gcomparáid le cailliúintí ar luach €20m in 2008. Ach rinne siad brabach €21m sa dara cuid den bhliain, rud a chuirfidh [...]
Éisíodh ceadúnas do 11,707 carr nua an mhí seo caite i gcomparáid le 8,793 i mí Feabhra 2009. Deir urlabhraí le Cumann Tiomána na hÉireann gur seo an tríú mhí as a chéile gur mhéadaigh líon na gcarranna nua agus go léiríonn sé go bhfuil an tionscail ag treisiú in ainneoin chúlú eacnamaíochta agus drochphoiblíocht [...]
Beidh imeacht Martin Cullen ón Chomhaireacht agus bagairt stailce san earnáil phríobháideach chun tosaigh ar chlár oibre na Comhaireachta nuair a bhuailfidh siad le chéile inniu. Thug Batt O’Keeffe le fios aréir go bhfuil sé iontach buartha faoin bhagairt stailce ó mhúinteoirí agus thuar sé dianchoimhlint leis an rialtas dá leanfaí lena leithéid.
Bhí scaifte maith i láthair nuair a rinne Micheál Ó Máirtín, Coláiste Ollscoile Muire, agus Cathaoirleach Campa Chormaic clár fógraí a nochtadh i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta ar an Deardaoin 4ú Márta. Beirt óglaochra agus scoláirí ar Choláiste Feirste, Patrice Ní Cheallaigh agus Naoise Ó Cairealláin atá sa chlar fógraí a bhí deartha ag an [...]
Tá dréim leis go bhfógróidh an tAire Martin Cullen ar ball beag inniu go bhfuil sé chun éirí as mar Aire Spóirt is Turasóireachta. Is eol le tamall go bhfuil an tAire tinn agus go bhfuil sé ar intinn aige éirí as.
Inniu in Áras an Uachtaráin, bhronn An tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa teachtaireacht dóchais don Ghaeilge ar Rith 2010 – teachtaireacht a bheidh taobh istigh de bhata sealaíochta a bheidh á n-iompar ag na rannpháirtithe le linn Rith 2010. Tosóidh Rith 2010 ar an 9 Márta i mBéal Feirste agus críochnóidh sé ar Lá Fhéile [...]