Nuacht24 » gné-ailt

Bridie Gallagher – glór binn ina tost
le Gearóid Ó Cairealláin

Bhí Bridie Gallagher, a d’éag le déanaí, ar an chéad réalta popcheoil dá raibh againn sa tír seo. Ar ndóigh, i mbláth bhlianta Bhridie ní raibh an popcheol ar shlí ar bith cosúil leis an phopcheol atá againn an lá inniu. Mar shampla ceirnín de chuid Bridie an chéad cheirnín a bhí i mo lámha agam riamh. Is dóigh go bhfuil mé ag dul siar dhá scór bliain agus breis anseo ach más buan mo chuimhne ar lipéad darbh ainm Emerald a éisíodh é agus ar thaobh amháin bhí an tAmhrán Náisiúnta i gcomhar leis ‘A Soldier’s Song.’ Agus ar an taobh eile (má tá tú sean go leor bheadh cuimhne agat ar cheirníní a raibh ceol ar an dá thaobh acu agus b’éigean iad a thiontú chun taobh a dó a chloisteáil!) bhí ‘Shall My Soul Pass Through Old Ireland’ agus b’fhéidir Kevin Barry.

Bhain sé barr na gcairteacha amach ar dhá chúis. Sa chéad dul síos bhí an-tóir ar cheirníní le Bridie Gallagher, a raibh a réalt in airde go mór ag an am. Agus shántaigh muintir na hÉireann na hamhráin náisiúnacha sin ag an am údaí.

Sa bhliain 1956, sílim, a bhain Bridie Gallagher clú agus cáil amach di féin ar fud na hEorpa leis an amhrán úd ‘A Mother’s Love is a Blessing’ a bhí, b’fhéidir, ar an chéad amhrán ón tír seo le gradam órga a shaothrú.

Rud a shaígh í thuas in aice le macasamhail Elvis Presley agus Frank Sinatra.

In Éirinn, áfach, beidh cuimhne ar Bridie go deo as uacht a ceirnín ‘The Boys from the County Armagh.’

Thar aon rud eile bhí gut hag Bridie nár chualathas a macasamhail roimhe. Bhí gné ag baint leis an ghuth sin a chuir tuath na hÉireann in iúl agus go dtuga Dia grasta dá hanam uasal.

Ba as an Chraoslach i gContae Dhún na nGall di agus choinnigh sí chás na háite sin ina cuid ceol riamh anall – cuimhnigh ar a leagan de ‘The Hills of Donegal’ a chuaigh i bhfeidhm ar Paul Brady agus go leor eile ar ball.

Agus ar ndóigh ‘The Girl from Donegal’ a tuadh riamh uirthi.

Cúpla bliain ó shin chuir mé aithne ar bhean a raibh an-aithne aici ar Bhridie agus cionn is sin bhí mé ábalta cárta lá breithe a chur chuici agus í 75 bliain d’aois. Dúradh liom gur thaitin an cárta go mór léi, rud a bhí ina ábhar mór sásaimh dom féin.

Dála an scéil ceirnín eile a bhfuil cuimhne agam air i dteach mo mhuintire ag an am sein, daichead bliain ó shin, ná ‘The Jackets Green’ le Eileen Donaghy.

Creidim is go raibh Eileen as Tír Eoghain, agus go raibh sí mór le rá mar cheoltóir ar fud na hÉireann ach níl barúil agam cad é a tharla di ó shin. Cé go n-imreodh mac léi, Plunkett, do fhoireann Thír Eoghain tamall de bhlianta ó shin. Ach amharc ar na hamhráin a bhí iomráiteach san am úd. Nach mór idir iad agus Bono ag scairteadh amach ‘This is not a rebel song’ sular chan U2, ‘Sunday Bloody Sunday.’

Bhí Bridie Gallagher ina cónaí i gceantar an tSrutháin Mhilís i mBéal Feirste nuair a fuair sí bás ag tús mhí Eanáir i ndiaidh di a bheith tinn le tamall maith.

Ar dheis Dé go raibh sí.

Doire, an Fleadh Ceoil agus na heasaontóirí
le hEoghan Ó Néill

le caoinchead Ghaelscéal www.gaelsceal.ie

Seachas cluiche ceannais na hiomána a bhogadh ó Pháirc an Chrocaigh go Doire níl aon rud is mó a neartódh Éireannachas agus Gaelachas na cathrach sin ná an Fleadh Ceoil a bheith i nDoire Cholm Chille in 2013.

Samhlaigh é. Na céadta mílte duine, óg is aosta, ag bonnadh suas anuas sráideanna na cathrach agus iad ag canadh is ag ceol is ag ceiliúradh an Éireannachais faoi mar atá a sinsir ag déanamh leis na céadta bliain.

Rinceoirí is ceoltóirí ina mílte agus na scórtha mílte daoine nár bhlais an ceol ná an rince Gaelach riamh ach a thiocfadh go mór faoina tionchar roimh imeacht abhaile dóibh.

Gaeilge le cloisteáil fud na háite – oiread fiú is go mbeadh ar an BBC Northern Ireland cúpla focal Gaeilge a theagasc do na craoltóirí is aineolaí teanga ar domhan.

Agus chuirfeadh an ceiliúradh sin ar Éireannachas Dhoire, chuirfeadh sé ó mhaith an lipéad sin ‘UK City of Culture.’

Sin m’fhís a chairde. Sin fís bunús againn.

Ach seachas sin, an tseachtain seo, tá dream beag áirithe ag ceiliúradh go bhfuil siad i ndiaidh Doire a shábháil ó ionradh seo na nGael.

Go bhfuil siad i ndiaidh bua a fháil ar Impireacht na Breataine.

‘Bua’ a fhágfaidh beáranna Dhoire folamh. A shéanfaidh jabanna ar na céadta duine. A chuirfidh leis an íomhá gur ‘UK City of Culture’ é Doire seachas mórchathair chultúrtha de chuid na hÉireann.

Níl áit ar bith níos fáiltí in Éirinn ná cathair Dhoire. Ina dreach is ina dhóigh is beag cathair níos Éireannaí ná níos Gaelaí.

Rud a bhí soiléir do na mílte síoraí a d’fhreastal ar an Oireachtas, ar Ard Fheis an Chonartha agus ar imeachtaí go leor eile den tsórt sa chathair le blianta beaga anuas.

Mar sin, is geall le peaca é ag dream ar bith an Fleadh a shéanadh ar an chathair seo a d’fhulaing oiread sin chun go n-aithneofaí a Éireannachas.

Le cuidiú Dé déanfar athmhachnamh.

Cá fios nach n-éiseoidh easaontóirí ráiteas ag dearbhú nach rún dóibh cur as don Fleadh agus go socróidh CCÉ go bhfuil Doire ar an áit is fearr chun an Fleadh a thionól ann in 2013.

Ach léirigh imeachtaí na seachtaine seo arís eile go mbíonn sé rófhurasta ag na meáin maíomh as a mhícheillí is atá easaontóirí, as a laghad tacaíochta is atá acu.

Tá sin fíor.

Ach is éigean plé leo agus lena n-argóintí.

Bhí mé ar an traein ag filleadh ó Bhaile Átha Cliath nuair a chuala mé an scéal seo ar dtús.

Roimh 1994 chreid Poblachtaigh go raibh buamáil an iarnróid a cheanglaíonn Béal Feirste agus Baile Átha Cliath le chéile, ar na bealaí chun Éire a aontú.

An t-am sin bhí Poblachtaigh maíte ar Éire a aontú leis an lámh láidir agus ba thanáisteach gach modh eile don ghunna agus don bhuama.

Mar sin ní iontas ar bith é go bhfuil dream áirithe, 20 bliain níos moille, ag dearbhú gurb é an bealach chun an tír a aontú ná an lámh láidir. Agus go bhfuil mianta lucht ceoil traidisiúnta tanáisteach do sin.

Ba mhaith le daoine creidiúint go bhfuil na heasaontóirí i ndiaidh teacht anuas ó Mars.

Nach bhfuil aon cheangal dá laghad ag a ndearcadh leis an stair fuilteach a bhí anseo le 90 bliain anuas.

Ach tagann easaontóirí Poblachtacha ón traidisiún náisiúnach sin a dhearbhaíonn nach ón bhosca balóide ach ón ghunna a thagann cumhacht. Agus go bhfuil an ceart ag aon Éireannach gunna a úsáid a fhad is go bhfuil saighdiúr nó péas Briotánach in Éirinn.

Má táthar chun dúshlán an dearcaidh sin a thabhairt caithfidh plé leis go fírinneach.

Ní mór meon na n-easaontóirí a aithint, éisteacht leo agus plé lena n-argóintí. Agus ar gach slí agus ar gach ócáid féacháil lena ndúshlán a thabhairt.

Maidir le cás Dhoire tá an cás simplí go maith.

Le píobaí Uilinn agus fliúiteanna, le bodhráin agus le fidileacha tá Comhaltas Ceoltóirí Éireann i ndiaidh míle oiread níos mó a dhéanamh chun an tír seo a aontú agus a shaoradh ná mar a dhéanfaidh easaontóirí Poblachtacha lena mbuamaí píobáin is a maidhmeoirí is a raidhfilí go deo.

Dá mba rud é gur chaith na heasaontóirí is a dtacaithe a bhfuinneamh leis an cheol agus leis an spórt agus leis an teanga dúchais ba mhó i bhfad a dhéanfadh siad chun an tír a aontú agus a shaoradh ná mar atá siad ag déanamh agus iad ag bagairt ar a gcomhÉireannaigh.

Nó sa deireadh is maith mar a baisteadh easaontóirí orthu.

Easaontaíonn siad liomsa. Easaontaíonn siad leatsa. Easaontaíonn siad le mórchuid phobal na hÉireann. Easaontaíonn siad leis na heagrais dúchasacha is mó sa tír ón CLG go Conradh na Gaeilge.

Is dual don réabhlóidí modhanna a úsáid a chuirfeadh le misneach an phobail agus a bheadh éifeachtach.  Agus an modh míleata an modh is lú a bhainfidh na cuspóirí sin amach an lá inniu.

Seamus de Creag, ceannródaí Ghael Cheanada, ar shlí na Fírinne
Dé Luain, 24 Eanáir, cailleadh go suaimhneach Seamus de Creag Béal Feirsteach, a raibh cónaí air in Calgary, Alberta, a d’imir ról nach beag i gcur chun tosaigh na Gaeilge ann. Ba mhór an briseadh a imeacht dá mhuintir, Kevin Cregg agus Evelia Cregg, , Chris, Maire, Caitlin, Therese, Pat, Rose, , Paul agus Joaquin. Le linn an Dara Cogaidh bhí Seamus ina oifigeach raidió loinge agus ar ball thug sé traenáil do lucht teileagrafaíochta.  Chaith sé seal ag obair ar an long an Queen Mary ag taisteal idir Southampton is Nua Eabhrac roimh dhul a chónaí i gCeanada. D’oibrigh sé mar mhúinteoir, mar phríomh oide agus mar chigire don Bord Scartha Contae in Dufferin-Peel County Separate School Board. Bhí  Séamus agus a chuid dearthár gníomhach ar son na Gaeilge agus é i mBéal Feirste agus le linn dó a bheith i gCeanada lean sé i rith an ama theagasc sé is chuir sé chun cinn na Gaeilge. Ar éirí as a phost dó lean Seamas ag teagasc agus ag reachtáil deireadh seachtaine Ghaeilge in Mississauga, Ontario agus in Red Deer. Craolfar clár ar leith ar Ghaeil Bhéal Feirste i gCeanada – agus agallamh le Seamus ann – ar Raidió Fáilte ar mheánlae amárach, Dé Céadaoine. www.raidiofailte.com

Coinnigh leis an bhrú – POBAL
I Nollaig 2011, d’aontaigh an Fheidhmeannas dréacht-chlár an Rialtais 2011-2015. Leagann an dréacht cháipéis amach na spriocanna agus réimsí oibre a dhíríodh an Fheidhmeannas orthu sa trí bliana amach romhainn. Tá próiseas comhairliúchán ar siúl go dtí an 22ú Feabhra 2012.

Tá POBAL ag iarraidh ar ghrúpaí Gaeilge a gcuid aighneachtaí a sheoladh chuig:

Programme for Government Team

Office of the First Minister and deputy First Minister

Room E3.19

Block E, Castle Buildings

Stormont Estate

Belfast BT4 3SR

Nó, pfg@ofmdfmni.gov.uk

Cur cóip chugainn chomh maith, chuig eolas@pobal.org

Tacaigh le Project Zambia
27 Eanáir 2012                                                   Cultúrlann McAdam Ó Fiaich                                        8.00in – go mall                                                                 Scoth na Siamsóirí Áitiúla                                                    £5.00

Gach fáltas chuig ‘Project Zambia’

Ticéid: An Ceathrú Póilí/Oifig Fáilte na Cultúrlainne

I mí Iúil na bliana seo, beidh Pádraigín Ní Mhurchú ag dul chun na Saimbia ar feadh roinnt seachtainí le bheith ag obair le Project Zambia. Tá an ócáid seo á reáchtáil aici le hairgead a thógáil ar son an Project.

Tá Project Zambia ar an fhód le breis agus 10 mbliana. Déanann sé airgead a thiomsú do thionscnaimh thógála sa tSaimbia. Go dtí seo, táthar tar éis 5 scoil a thógáil chomh maith le tithe cónaithe do dhaoine le VEID (HIV) agus SEIF. Cuidíonn Project Zambia le maoiniú a chur ar fáil do dhá dhílleachtlann agus do chláir bheathaithe faoi leith chun uisce glan agus bia a thabhairt chuig páistí na Saimbia. I mbliana, is é cuspóir Project Zambia scoil speisialta a thógáil do pháistí atá faoi mhíchumas.

Foclóir nua Béarla – Gaeilge – céad chuid roimh dheireadh 2012
Beidh an chéad chuid den fhoclóir nua Béarla-Gaeilge atá le teacht i gcomharbacht ar De Bháldraithe le cur ar fáil ar an idirlíon faoi dheireadh na bliana seo. Beidh tuairim is 51,000 ceannfhocal is téarma sa chéad chuid seo agus tá Foras na Gaeilge dóchasach go mbeifear in ann leanúint leis an tionscadal ar an bhliain seo chugainn le go mbeadh, faoi dheireadh, 100,000 focal is téarma istigh ann.

Tá níos mó leagan amháin de scéal stailc ocrais na H-Blocanna
le hEoghan Ó Néill

le caoinchead Ghaelscéal – www.gaelsceal.ie

Níor scríobhadh cuntas níos fearr ar stailc ocrais na Ceise Fada ná leabhar David Beresford, ’10 Men Dead.’

Ó luath laethanta na H-Blocanna agus saolú an pholasaí Briotanaigh de bheith ag déanamh ‘coirpigh’ de bhaill an IRA go críoch na stailce ocrais is an tÉalú Mór amach as an phríosún in 1983, insíonn Beresford an scéal ar bhealach údarásach, beoga, daonnachtúil.

Thug déantóirí scannáin léargas dúinn ar stailc ocrais na H-Blocanna fosta. Bhí Michael Fassbender againn i bpáirt Bobby Sands sa scannán ‘Hunger.’ David O’Hara i bpáirt Francis Hughes in ‘Some Mothers Son.’ Agus bhí faobhar ar leith ag baint leis an Ifreann ar thalamh a chuir Labhrás Mac Eoin inár láthair sa scannán ‘H3.’

Agus bhí drámaí ann lena chois. An seó aon fhear le Tony Devlin, ‘1981.’ Agus an dráma is fearr a scríobhadh riamh faoin stailc ocrais,‘Dialann Ocrais’ le Peter Sheridan.

Iad uilig ag léiriú gnéithe éagsúla de scéal coscartha na H-Blocanna.

Cuid acu ag teacht salach ar a chéile.

Nó ó am a bhunaithe, ba bhlár catha iad na H-Blocanna.

Is le smachtíní is buillí dorn, le cac ar bhallaí agus le troscadh, a troideadh an cath ar an taobh istigh.  Le buamaí agus le piléir, (luaidhe agus plaisteacha) a troideadh é ar an taobh amuigh.

Tháinig deireadh leis an chath fuilteach tamall maith ó shin.

Ach tá an briatharchath ag dul i gcónaí.

Easaontóirí Poblachtacha ag cur in iúl nach í Margaret Thatcher ach Gerry Adams agus a ‘cabal’ a bhí freagrach as bás seisear den deichniúr stailceoir ocrais.

Agus rialtas na Breataine ag iarraidh i gcónaí a chur in iúl gurb iad ceannairí ‘neamhthaiseacha’ Shinn Féin a d’ordaigh do na stailceoirí ocrais bás a fháil le go rachadh Sinn Féin chun tosaigh i saol na polaitíochta.

Leagann Poblachtaigh an locht ar fad, nach mór, ar Margaret Thatcher is a leathbhádóirí.

An tseachtain seo cheadaigh rialtas na Breataine dúinn líon beag doiciméid dá gcuid a fheiceáil i ndiaidh dóibh scagadh is cinsireacht a dhéanamh orthu.

Agus iontas na n-iontas cuireann siad sin in iúl go raibh Margaret Thatcher, go pearsanta, ag iarraidh comhréiteach a dhéanamh leis na stailceoirí ocrais i mí Iúil 1981. Ach gur dhiúltaigh gluaiseacht na Poblachta dá tairscint.

Más fíor do na doiciméid, ceadaíodh teagmháil leis an IRA le cur in iúl dóibh go mbeadh na Sasanaigh sásta leasuithe éigin a fhógairt ar 3 éileamh de 5 éileamh na gcimí. Ní dhearnadh soiléir cad iad go díreach na leasuithe a bheadh ann agus cad é mar a dhéanfaí cinnte de go gcloífeadh na Sasanaigh lena bhfocal.

Bhí na Sasanaigh ag rá rud amháin leis an IRA. Agus rud eile ar fad le rialtas na hÉireann agus leis an Irish Commission for Justice and Peace. Bhí siad ag iarraidh go mbeadh meas ar shagairt is cléir áirithe, ar ghaolta áirithe, ar chimí áirithe, agus drochmheas ar chléir is gaolta is cimí eile. Ag iarraidh daoine áirithe a imeallú, stádas a thabhairt do dhaoine eile.

Seanscéal agus meirg air.

Níor smachtaigh na Sasanaigh trí ceathrú cuid den domhan trí bheith ag insint na fírinne!

Thosaigh an dara stailc ocrais mar gheall ar chliseadh na céad stailce.

Nuair a d’ordaigh Brendan Hughes go gcuirfí deireadh le troscadh seachtar fear i mí na Nollag 1980 shíl na cimí go raibh comhaontú acu leis na Sasanaigh.

Chuir na Sasanaigh doiciméid 34 leathanach ar fáil ag geallúint bunleasú ar chúrsaí sna H-Blocanna. Agus taobh istigh de roinnt seachtainí rinne siad neamhairde ar fad dá gcuid geallúintí.

Ba é dearcadh Bobby Sands nárbh fhiú faic gheallúint ó rialtas na Breataine mura raibh meicníocht ann chun a chinntiú, go neamhspleách, go gcuirfí i gcrích é.

Agus cúis aige chuige sin.

Ó  thús deiridh leag Margaret Thatcher a seasamh amach go láidir is go soiléir. Dar léi gurb é an stailc ocrais ‘an cárta deiridh a bhí fágtha ag an IRA.’

Sa chomhfhreagras a foilsíodh an tseachtain arsa a Státrúnaí sa tuaisceart, Humprey Atkins, “Continue to stand firm.  ”There is always the chance that the strike will collapse of itself, leaving the Provisional leadership humiliated.”

Cheadaigh rialtas na Breataine bás na stailceoirí.

Ba chuid dá bpolasaí é.

Agus taobh amuigh de na príosúin cheadaigh siad sleachtú léirsitheoirí ar na sráideanna. Cheadaigh siad scaoileadh na gcéadta mílte – sea na céadta mílte – piléar plaisteach. Cheadaigh siad marú páistí ar nós Julie Livingstone agus Carol Ann Kelly. Cheadaigh siad ceilt na fírinne faoi na dúnmharuithe seo.

Cheadaigh siad sceimhle.

Níor ligeadh dúinn aon doiciméid ón chartlann a fheiceáil maidir leis an sceimhle sin.

Is iomaí leagan den stair atá ann.

Dúirt an tAthair Denis Faul nárbh fhéidir na Sasanaigh a thrust faoi cheist na H-Blocanna.  Ach ní raibh mórán measa aige ach oiread ar an ról a d’imir an tIRA taobh amuigh den phríosún. Dúirt Denis Bradley gur thug an tIRA an cumhacht ar fad do na stailceoirí ocrais seachas cumhacht a bheith ag na ceannairí amuigh.  Deir Bik Mc Farland, (ceannaire na gcimí) Danny Morrison is Gerry Adams, triúr a bhí ag croílár na dteagmhálacha, nár cuireadh aon tairscint teagartha críochnaithe ina láthair i mí Iúil 1981.

Deir iarchime, Richard O’Rawe, go raibh na Sasanaigh ag tairscint oiread is a shásódh na cimí ach gur choinnigh gluaiseacht na Poblachta an moladh sin siar ó na stailceoirí ocrais.

Creid do rogha ceann de na scéalta seo nó gach ceann acu. Sin an stair. Tá níos mó ná leagan amháin de ann.

Bhí sagairt, is easpaig is Cairdinéil páirteach ar bhealach teagartha sa stailc ocrais. Bhí na céadta gaolta i gceist. Agus ar ndóigh na scórtha stailceoirí. Bhí na spooks de chuid MI5 go smior ann, bairdéirí is údaráis príosúin, taidhleoirí, polaiteoirí, idirghabhálaithe is lucht mioscaise.  Daoine deathola náisiúnta is idirnáisiúnta.

Daoine daonna a bhfuil a gcuimhne féin acu ar ar tharla agus a gclaontaí féin acu. Agus bearna 30 bliain le sárú agus iad ag iarraidh cuimhneamh ar gach rud.

Mar sin leanfaidh an liomhain agus an frithliomhaoin, an dearbhú is an bhréagnú.

Sin mar a bhíonn an stair.

Ach cuimhnigh seo.

Níor lorg Margaret Thatcher comhréiteach leis na mianadóirí sa Bhreatain. Agus bliain i ndiaidh na stailce ocrais, gan smaoineamh air, d’ordaigh sí marú 326 mairneálach óg ar an Belgrano agus iad ag imeacht ón bhlár catha.

Ní fios dom cé acu leagan d’imeachtaí mhí Iúil 1981 atá fíor.

Ach tá a fhios agam nach gcreidim mé an leagan a d’fhoilsigh rialtas na Breataine an tseachtain seo caite.

Ar dhiúltaigh rialtas na Breataine do chainteanna le Bobby Sands?
Dar le doiciméid stáit gur chuir Bobby Sands in iúl tamall beag roimh a bhás go raibh sé sásta éirí as a stailc ocrais ar feadh 5 lá ar acht go mbuailfeadh feidhmeannach de chuid rialtas na Breataine leis. Dar leis na tuairiscithe go raibh sé ag moladh go mbeadh beirt shagart agus triúr cime i láthair ag an chruinniú. Dhiúltaigh rialtas na Breataine don mholadh mar dar leo b’ionann a leithéid de chruinniú agus margáil a bheith ar bun acu leis an IRA. Rinneadh an tairscint seachtain sula bhfuair Bobby Sands bás. Ba é Rúnaí an Phápa, an tEaspag John Magee, a thug an teachtaireacht idir an dá thaobh, más fíor, ach ní raibh ach dornán beag daoine riamh ar an eolas faoi. Dúirt duine a bhí chun tosaigh in imeachtaí na stailce ocrais ag an am, Jim Gibney, nár luaigh Bobby Sands a leithéid leo riamh agus go bhfuil seisean den bharúil gur bréagach an tuairisc faoi thairscint ó Bobby Sands chun éirí as an stailc ocrais ach cruinniú a bheith aige le hoifigeach Sasanach. Tá tuairisc faoi i ndoiciméid de chuid an stáit a foilsíodh inniu, 30 bliain i ndiaidh dóibh tarlúint.

I Sasana léiríonn doiciméid stáit a foilsíodh den chéad uair go raibh Margaret Thatcher í féin ag plé le hiarrachtaí chun teacht ar réiteach ar an stailc ocrais i ndiaidh bás Patsy O’Hara, an ceathrú stailceoir a fuair bás. De réir na ndoiciméid sin rinne rialtas na Breataine roinnt moltaí do Phoblachtaigh maidir le ráiteas a chuirfeadh in iúl go raibh siad sásta bogadh ar trí chinn den chúig éileamh. Dhéanfaí a leithéid de ráiteas ar acht gur éirigh cimí as an stailc ocrais láithreach bonn. Ach dar le doiciméid na Breataine ní raibh an tIRA sásta glacadh leis sin agus bhí siad ag brú ar son níos mó. Leanadh de theagmhálacha ach sa deireadh thit an tóin as an teagmháil rúnda seo. Bhí scoilteanna nach beag i gcomhaireacht na Breataine agus sa bhunaíocht ann. Bhí Humprey Atkins, an Státrúnaí sa tuaisceart ag an am, go mór i bhfách le gan orlach a gheilleadh nó dar leis go raibh seans ann go dtitfeadh an tóin as an stailc ocrais agus go ndéanfaí an tIRA  a náiriú os comhair an tsaoil. Sa deireadh níor

Líofa 2015 – an chéad 1,000 cláraithe cheana
Tá 1,ooo duine earcaithe don scéim Líofa 2015. Sheol an tAire Cultúir ó thuaidh, Carál Ní Chuilín an scéim i mí Meán Fómhair féacháil le 1,000 duine a mhealladh chun coimitmint a thabhairt go ndéanfaidh siad Gaeilge a fhoghlaim le go mbeadh siad líofa faoi 2015.  Ag ócáid sa Chultúrlann i mBéal Feirste Dé hAoine bhí Joe Mahon, láithreoir ar an chlár, Lesser Spotted Ulster agus an iarpheileadóir Joe Brolly ar bheirt acu siúd a gheall tabhairt faoin teanga a fhoghlaim faoi 2015. Dar leis an Aire go bhfuil sí maíte ar an dara 1,000 duine eile a earcadh don scéim agus í iontach sásta go bhfuil 1,000 duine earcaithe i dtréimhse 4 mhí cheana féin. Dar léi go bhfuil muintir na Breataine Bige agus muintir Alban i ndiaidh suim mhór a léiriú i macasamhail Líofa 2015 a dhéanamh iad féin. Agus luaigh sí gur údar suime go bhfuil comhairleoir de chuid an DUP i nDoire, April Garfield-Kidd, i ndiaidh clárú do Líofa 2015.

Rubber Bandits as Gaeilge – ag uimhir a trí!
Bhí an leagan Gaeilge den fhís Rubberbandits, ‘Ba mhaith liom bruíon le d’athair’ ar na físeáin is mó lucht féachána ag You Tube in Éirinn i mbliana. De réir figiúirí Google bhí amhrán Gaeilge na mBandits ar an tríú fís is mó a bhí tóir air ar You Tube in Éirinn i mbliana. Thig breathnú ar an fhís ag http://www.youtube.com/watch?v=BNFfDirBE6w - níl Nuacht24 freagrach as aon nasc ná suíomh seachas an suíomh seo.