Scéalta scríofa ag eoghan

Fear os comhair cúirte as dúnmharú Elaine

Tá Graham Dwyer, (41) fear gnó as Carraig an tSionnaigh, cúisithe as dúnmharú Elaine O’Hara. Tabharfar os comhair cúirte arís é i gceann seachtaine. Shéan sé don chúis nuair a cuireadh é ina leith sa chúirt i nDún Laoghaire inniu. Dúnmaraíodh Elaine O’Hara anuraidh agus fuarthas a corp i sléibhte Átha Cliath i mí Meán […]

Báta agus bóthar don Trapp

Fógraíodh ar maidin go mbeidh Giovanni Trappotoni agus a chúntóir Marco Tardelli chun éirí gan mhoill. Dar le ráiteas ó Chumann Sacar na hÉireann gur aontaigh siad féin agus an bheirt fhear gurb é ab fhearr agus go raibh an scaradh cairdiúil. Aréir chaill Éire 0 – 1 i gcoinne na hOstaire. Beidh ar bhainisteoir […]

Toghchán na hAstráile, dlús deiridh an fheachtais

Tá dlús deiridh faoin fheachtas i dtoghchán na hAstráile agus gach páirtí ag déanamh a ndícheall chun dul i bhfeidhm ar votóirí nach bhfuil a n-intinn déanta suas acu go fóill. Dé Sathairn a bheidh an vóta ann agus de réir na bpobalbhreitheanna tá comhghuaillíocht an fhreasúra, faoi cheannas Tony Abbott, chun tosaigh. Ach aithnítear […]

Tá ardslándáil fud Chaireo agus 51 duine á gcur inniu agus amárach. Beirt shaighdiúir a bhí orthu sin a maraíodh Dé Luain ach ba thacaithe leis an Bhraithreachas Moslamach beagnach gach duine eile acu, sibhialtaigh a bhí páirteach I léisiú taobh amuigh de cheannáras an Gharda Phoblachtaigh. Beidh na sluaite amuigh inniu do na torraimh […]

Tubaiste do Pháirtí an Lucht Oibre sa Mhí Thoir, bua do Mc Entee

An chéad chomháireamh sa Mhí Thoir shaothraigh Helen Mc Entee, Fine Gael, 9,356 vóa céad rogha, Thomas Byrne, FF) 8,002, Darren O’Rourke (SF) 3,165, Ben Gilroy (DDI) 1,568, agus Eoin Holmes (Páirtí an Lucht Oibre) 1,112. Cuieadh as an áireamh Charlie Keddy (110); Neamhspléach Mick Martin (190); Páirtí na nOibrithe Seamus McDonagh (263); Neamhspléach Gerard Michael […]

Dúil sa dúlra

Is iad seo na Gaeil a thug cuairt ar an tearmann dúlra clúiteach Cluain an Bhogaidh in iarthar Bhéal Feirste an deireadh seachtaine seo. Mar pháirt de Shlógadh Shinn Féin, fuair siad léargas ar an Chluain ó threoraithe Feargus Ó hÍr agus Gearóid Ó Muilleoir, a bhfuil baint acu le Cairde Chluain an Bhogaidh. Is […]

Pápa nua ‘roimh dheireadh Mhárta’

Tá an Vatacáin ag dreim leis go mbeidh Pápa nua ann faoi dheireadh mhí Mhárta dar le hurlabhraí acu. Déanfaidh suas le 120 Cairdinéal an cinneadh nuair a bhuailfidh siad le chéile ag Coláiste na gCairdinéal sa Róimh, traidisiún a théann siar beagnach 1,000 bliain. Níl aon sampla sa nua stair de Phápa a d’éirigh […]

Círéibí i mBéal Feirste anocht arís eile

Tharla círéib i mBéal Feirste arís eile anocht, an chúigiú oíche as a chéile ar tharla a macasamhail in oirthear Bhéal Feirste. Bhailigh suas le 500 léirsitheoir taobh amuigh de Halla na Cathrach a fhad is go raibh an chéad chruinniú ar siúil ag an Comhairle ó chinn siad ar 3 Nollaig chun crochadh bhrat […]

Bás tragóideach Ian Mc Keever

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag cuidiú leis na daoine a bhí i gcuideachta Ian Mc Keever nuair a maraíodh  é ar Shliabh Kilimanjaro inné. Gortaíodh roinnt acu, a bhean geallta Anna O Loughlin san áireamh nuair a bhuail splancanna tintrí in aice leis an ghrúpa de scór duine a bhí ar a mbealach suas […]

Ardráta cánach do toicithe mídhleathach – ach leanfar leis!

Deir Príomh Aire na Fraince, Jean-Marc Ayrault, go ndéanfaidh an rialtas athphacaistiú an ardráta ar leith cánach do dhaoine a shaothraíonn thar milliún euro a thionscaigh an rialtas dhá mhí ó shin. Riailigh an Chúirt Bhunreachtúil inniu go bhfuil an ardráta cánach, a bhí ar na príomhmholtaí i bhfeachtas toghcháin an Uachtaráin Holland, go bhfuil […]

© Nuacht24