Scéalta scríofa ag Nuacht24

1,600 cime Palaistíneach ar stailc ocrais, NA imníoch

Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil siad buartha faoin stailc ocrais atá ar bun ag cimí Palaistíneacha i bpríosúin Iosrael. Tá 1,600 cime ag troscadh anois, roinnt acu le corradh is 70 lá. Tá beirt de na stailceoirí seo iontach lag agus buairt ann go bhfuil siad i mbaol an bháis. Tá an agóid ann [...]

55 duine marbh sa Dhamáisc

Breis agus 50 duine a maraíodh nuair a phléasc dá bhuama i gceantar sa Damáisc inniu. Tharla na pléascáin, carrbhuamaí, cóngarach do bheairic a bhfuil seirbhís faisnéise an airm lonnaithe ann. Gortaíodh 200 duine ar a laghad. Chuir an rialtas an locht ar Al Qaeda nó ar Arm Saoirse na Siria.

Barack Obama i bhfách le pósadh aerach

Deir Barack Obama go mba cheart do dhaoine den aon ghnéas a bheith in ann pósadh. Nocht sé a thuairim in agallamh ar ABC anocht agus rinne sé cinnte de go mbeidh an cheist ina bheocheist ar fad i dtoghchán an Uachtaráin i gcoinn roinnt míonna. Bhí brú ag teacht ar an Uachtarán Obama chun [...]

Samhail Nua Maoinithe le plé sa Tionól ó thuaidh

Díospóireacht sa Tionól 22 Béaltaine “That this Assembly notes with concern the effects that the new funding model proposed by Foras na Gaeilge will have on Irish language organisations; expresses concern about the nature of the consultation process; and calls on the Minister of Culture, Arts and Leisure to review these proposals in view of [...]

Díospóireacht teilifíse idir Kenny is Adams?

Tá an Taoiseach Enda Ó Cionnaith agus Gearóid Mc Adam, ceannaire Shinn Féin ag meabhrú ar cheart dóibh páirt a ghlacadh i ndíospóireacht teilifíse faoin chomhaontú fisceach ar 29 Bealtaine ar TV3. Dhiúltaigh an bheirt roimhe seo páirt a ghlacadh i ndíospóireacht ar TV3 cionn is go raibh siad míshásta le Vincent Brown a bheith [...]

Ó Cuív – fanfaidh mé i bhFianna Fáil, ní suim liom páirtí eile

Tá Eamon Ó Cuív chun fanacht i bhFianna Fáil. Agus é ag caint ag Teach Laighean tráthnóna dúirt an iarleascheannaire ar Fhianna Fáil nach mbeidh sé ag caint go poiblí a thuilleadh faoin reifreann maidr leis an chomhaontú fisceach Eorpach. Cháin sé an comhaontú inniu ina chaint ach dúirt sé go bhfuil sé chun glacadh [...]

Coimisiún díchur na n-arm i dTír na mBascach

Tá painéal idirnáisiúnta, atá ag tosú ar phróiseas díarmála i dTír na mBascach, i ndiaidh tabhairt le fios go bhfuil gach rud atá feicthe acu ag tabhairt le fios go bhfuil ETA ag cloí lena choimitmint don síocháin ann. Ag preasócáid a dúirt beirt den International Verification Commission ag deireadh a gcuairte (bhuail siad le [...]

Deireadh seachtaine Ghaelachta

Beidh an grúpa cnocadóireachta Siúil ag eagrú deireadh seachtaine siúlóide i nGaeltacht Dhún na nGall ar an 26 agus an 27 Bealtaine. Beidh rogha siúlóide ann ar an Satharn ar a 1. Beidh roinnt againn ag dreapadh na hEaragaile nó beidh siúlóid níos fusa ag Caiseal na gCorr ag bun na hEaragaile. Beidh muid ag freastal ar an Chabaret [...]

An dochar bainte de bhuama i mBaile Átha Cliath

Bhain oifigigh de chuid an airm an dochar de bhuama a fuarthas i mBaile Átha Cliath go luath ar maidin. Bhí an buama taobh amuigh de theach in Inse Chór agus mhair an oibríocht chun an dochar a bhaint de roinnt uaireanta a chloig. Deir na Gardaí go bhfuil siad i mbun fiosruithe agus go [...]

Iriseoir Al Jazeera díbirthe ón tSín

Tá Al Jazeera i ndiaidh a n-oifig i mBeijing a dhruidim i ndiaidh do na húdaráis ansin diúltú creidiúintí an iriseoir atá ag Al Jazeera sa tSín a athnuachan. Ní raibh teacht ar an iriseoir Melissa Chan , atá ag tuairisciú do Al Jazeera ón tSín le 5 bliain, le tuairim a nocht faoin scéal [...]

2010 © Nuacht24