Nuacht24 » Nuacht24

Brú ar Assad ag treisiú i rith an ama
Rinne an Fhrainc an Iodáil is an Spáinn mar aon le roinnt stáit sa Mhurascaill a n-ambasadóirí a aistharraingt ón Siria inniu agus iad ag iarraidh cur le coimhthiú rialtas Basar al Assad. Inné dhruid Meiriceá a nAmbasáid agus rinne a dtaidhleoirí a thabhairt abhaile. I ndiaidh dó bualadh leis an Uachtarán Assad dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise, Sergey Lavrov, go bhfuil an tUachtarán maíte ar leasuithe polaitiúla a chur i gcrích agus dul i mbun cainte leis an fhreasúra. Ach rinne urlabhraithe an fhreasúra sin beag is fiú de chaint an Uachtaráin agus dar le go leor ceannairí idirnáisiúnta go bhfuil sé thar am don Uachtarán imeacht seachas caint.

Fógairt duaiseanna Ghlór na nGael
Craolfar torthaí Ghlór na nGael 2011 beo ar Raidió na Gaeltachta trathnóna Dé hAoine na seachtaine seo.

Beidh fógairt na dtorthaí ar chlár Seán Bán Breathnach ag 2.00 an 10 Feabhra.

Is é €40,000 luach na príomh-dhuaise. Carn Tóchair, Co Doire, a bhuaigh an duais mhór seo i 2010 agus tá coistí ar fud na tíre ag súil an duais seo a thabhairt le i mbliana.

Cé nach bhfuil ach mórbhuaiteoir amháin ann, ina iomlán, bronnann Glór na nGael breis agus €150,000 de dhuaiseanna ar choistí deonacha áitiúla Gaeilge timpeall na tíre gach bliain.

Tugann an comórtas aitheantas d’iarrachtaí gach pobal an teanga a chur chun cinn ag dhá leibhéal, coistí le cúnamh fostaíochta agus coistí gan chúnamh fostaíochta.

Bronntar beagnach €70,000 de dhuaiseanna spéisialta agus sainduaiseanna sa chomórtas, mar shampla do na cumainn Ghaeilge is mó éifeacht thar lear sa chomórtas idirnáisiúnta, Global Gaeilge, agus sna chomórtais speisialta eile do na cumainn ghaelacha i scoileanna dara leibhéal agus i gcoláistí tríú léibhéal.

Fógrófar torthaí na gcomórtas oideachais ag deireadh mí Feabhra,, ar an 25ú nuair a bronnfar na duaiseanna ar fad ag imeacht sa Carton House i Maigh Nuad..

Assad ag bualadh le Lavrov inniu
Buailfidh Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise inniu le Uachtarán Assad na Siria. Tá an cruinniú ag titim amach a fhad is go bhfuil forneart ag dul in olcas sa tír. Tuairiscíodh tuairim is 50 duine a bheith marbh i ndiaidh forneart inné in Homs, áit a bhfuil arm na Siria i mbun ionsaí le roinnt laethanta anuas. Shéan an rialtas go raibh siad ag ionsaí sibhialtaigh in Homs agus mhaígh go bhfuil siad ag ionsaí sceimhlitheoirí agus gur mharaigh siad go leor acu sin. Dar leo gur maraíodh seisear saighdiúir dá gcuid san fhorneart inné.

SCANNALACH DEIREADH A CHUR LE DEONTAS GAELTACHTA NA nÁBHAR OIDÍ,
Preas ráiteas

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag cur go tréanláidir i gcoinne chinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna deireadh a chur le deontais d’ábhair oidí ag freastal ar chúrsaí tumoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Faoi láthair, íoctar as na cúrsaí 3-sheachtaine sa Ghaeltacht a fhreastalaíonn ábhair oidí orthu mar chuid éigeantach dá gcéim oideachais chun a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú, ach tugadh le fios ag seisiún eolais i Sráid Marlboro ar an 05 Nollaig 2011 go mbeadh deireadh leis na deontais seo chun airgead a shábháil.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Agus fadhbanna tromchúiseacha cheana féin ag baint le múineadh na Gaeilge i scoileanna timpeall na tíre i láthair na huaire, ghlac an Rialtas céim ollmhór chun tosaigh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 chun na fadhbanna seo a réiteach nuair a mhol siad go leanfadh ábhair mhúinteoirí clár sainithe do theagasc teanga sa Ghaeltacht agus go deimhin, go gcuirfí leis an am teagaisc agus freastail d’ábhair mhúinteoirí ar na cúrsaí Gaeltachta.”

Anuas air sin, sna treoracha agus sa chritéir nua a d’eisigh An Chomhairle Mhúinteoireachta do na coláistí oiliúna, moladh: “Ba chóir do chláir tréimhse chónaithe sa Ghaeltacht, fadaithe agus athchoinceapaithe, a chur ar fáil, a bheidh anois mar chuid den chlár iomlán agus faoi stiúir dhíreach ag na soláthraithe oideachas múinteoirí.“ Cuireadh coiste ar bun leis na moltaí seo a fhorbairt.

Arsa de Spáinn: “Céimeanna móra chun tosaigh a bhí sa dá mholadh seo chun feasacht agus scileanna cumarsáide Gaeilge ár múinteoirí a chothú, agus tógfar dhá chéim ar chúl má bhaineann an Roinn Oideachais agus Scileanna na deontais ó na mac léinn le freastail ar na cúrsaí Gaeltachta.”

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag moladh go mbeadh níos mó ama á chaitheamh ag ábhar oidí sa Ghaeltacht le blianta beaga anuas, agus bhí an dá eagras an-sásta leis na moltaí san áireamh ag an Rialtais sa Straitéis 20 Bliain agus ag an gComhairle Mhúinteoireachta; molann na heagrais freisin go mbeadh an tréimhse Ghaeltachta seo le déanamh ag mic léinn ag tús na céime chun gur féidir leo leanúint leis na caidrimh lena gcomhghleacaithe nua i nGaeilge i ndiaidh an chúrsa.

Dúirt Éamonn Mac Niallais, urlabhra Ghuth na Gaeltachta: “Más sábháil airgid atá á lorg ag an Rialtas trí dheireadh a chur leis na deontais do na cúrsaí Gaeltachta, a mhalairt ar fad a bheidh mar thoradh air. Go fadtéarmach, cosnóidh sé níos mó airgid ar an Stát chun toradh an drochchinnidh seo a chur ina cheart nuair nach mbeidh caighdeán Gaeilge na múinteoirí sásúil a dhóthain leis an teanga a mhúineadh sna scoileanna amach anseo. Faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair, tá sé deacair a shamhlú go mbeidh sé d’acmhainn ag ábhair oidí iad féin íoc as cúrsaí sa Ghaeltacht.

“Chomh maith leis sin, cuireann na cúrsaí seo go mór le geilleagar na Gaeltachta ó thaobh na Mná Tí, siopaí áitiúla, múinteoirí agus fostaithe eile na gColáistí Gaeilge de.”

Lean Mac Niallais: “Is cúis díomá mhór dúinn é go bhfuil easpa comhordú ag dul ar aghaidh idir na codanna éagsúla den Rialtas i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge. Tá Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 de chuid an Rialtais ag moladh cur leis na cúrsaí agus iad a fhorbairt agus an comhlacht reachtúil, An Chomhairle Mhúinteoireachta, ag tacú leis sin. Ag an am céanna, tá An Roinn Oideachais agus Scileanna ag iarraidh an bonn a bhaint den obair bhreá atá ar siúl acu. Cheap muid go raibh an Straitéis ann le treoir shoiléir a thabhairt do na Ranna éagsúla Stáit agus a bpáirtnéirí, ach ní mar sin atá sé ag feidhmiú faoi láthair.”

Ian Paisley in ioad dianchúram san Ulster Hospital
Tá an tOir Ian Paisley tinn agus é in aonad dianchúram an Ulster Hosptial i nDún Dónaill ó bhí an Domhnach ann tugadh le fios inniu. D’iarr a bhean, Eileen, ar na meáin gan a bheith ag lorg a bharraíocht eolais agus a aithint go bhfuil siad i dteideal am a bheith acu leo féin. Tuigtear gur fadhbanna chroí atá ag cur as do Ian Paisley atá 85 bliain d’aois. Níl sé ach 10 lá ó d’éirigh an tOir Paisley as a churaimí eaglasta.

Gaol IRA ag Martin Sheen
Deir Martin Sheen go bhfuil sé bródúil as an ról a d’imir seanuncail leis i gCogadh na Saoirse. Le linn dó a bheith páirteach i leagan Meiriceánach de ‘Who do you think you are anyway?’ fuair sé amach go raibh an seanuncail, Michael Fieland, ina bhall den IRA agus go raibh sé gníomhach le linn Chogadh na Saoirse. Thug an t-aisteoir cuairt don chlár ar phríosún Chill Mhaingean agus chuaigh sé chuig an chillín a bhí Michael Fieland faoi ghlas ann. Lena chois, rinne sé ról a uncail i gCogadh na gCarad a fhiosrú agus buairt air go raibh lámh aige i marú Michil Uí Choileáin. ‘Bhí mé buartha go raibh páirt aige i marú Collins’ ar seisean. ‘Ach fuair mé amach go raibh sé faoi ghlas ag an am agus nach raibh lámh aige ann. Ach deir an tUasal Sheen go bhfuil sé iontach bródúil as an ról a d’imir a uncail in imeachtaí na hama.’

Bua ag Cymru i mBaile Átha Cliath
Cymru 23 – Éire 21

Bua eile do Romney
Ba léir ó na luath torthaí i gcaucus Nevada go bhfuil Mitt Romeny i ndiaidh baint agus baint go maith ansin. Níl na sonraí uile ar fáil go fóill ach níl aon amhras go raibh tromlach mór ag Romeny. Cuirfidh a bhua borradh faoina fheachtas agus é ag díriú anois ar an chéad caucus eile Dé Máirt seo chugainn i Minnesota, Colorado agus Missouri. Bhí preas ócáid ag Newt Gingrich ar maidin agus é ag cur in iúl nach bhfuil rún dá laghad aige éirí as in ainneoin é a bheith ag titim siar i rith an ama sa rás Poblachtach.

Rún na Siria curtha ó mhaith sna Náisiúin Aontaithe
Buailfidh Aire Gnóthaí Eachtachra na Rúise le hUachtarán Assad na Siria sa Dhamáisc Dé Máirt féacháil le cainteanna a chur ag dul idir é agus ionadaithe an fhreasúra in Moscó go luath. Inniu chuir an Rúis agus an tSín i gcoinne rúin sna Náisiúin Aontaithe ag cáineadh forneart fhórsaí an Uachtaráin Assad agus ag tabhairt tacaíochta don éileamh go n-éireodh an tUachtarán Assad as oifig. Dar leis an Rúis go raibh an rún sna Náisiúin Aontaithe claonta mar nár luaigh sé an forneart atá ag teacht ó leithéidí Arm Saoirse na Siria. Inné maraíodh idir 230 – 260 duine, de réir lucht cearta daonna, nuair a scaoil saighdiúirí ar cheantar Khalidiya in Homs. Dar leo gur leagadh 36 teach agus gur maraíodh bunús na ndaoine istigh ann.

Aifeáltas ar an FBI faoi thaifead a chuir Anonymous ar YouTube
Tá an FBI is péas na Breataine ag athbhreithniú cúrsaí slándála i ndiaidh don ghrúpa bradaíola Anonymous comhdháil teileafóin idir an dá fhórsa a chur ar YouTube. Bhí péas ón dá thaobh ag caint faoina n-oibríochtaí i gcoinne Anonymous ach rinneadh an chomhdháil a thaifead agus a chur ar an líon. Dhearbhaigh an FBI ar ball gur thaifead fíor a bhí ann agus dúirt go gcuirfeadh siad lena dtóir ar na daoine a bhí freagrach as.