Athbhliain faoi mhaise as Gaeilge ó ….. Stan Collymore

collymore

Tá iar réalt sacair Shasana, Stan Collymore (Mór) i ndiaidh cúpla tweet as Gaeilge a chur in airde ar a chuntas Twitter. Tá an tAire Cultúir ó thuaidh, Caral Ní Chuilín i ndiaidh nóta a chuir chuig láithreoir talkSport ag iarraidh air clárú le Líofa 2015. Agus is léir óna chomhfhreagras le Dara O Briain [...]

Gaybo – éireoidh mé as agus mé ceithre scór

gaybo

Deir Gay Byrne go bhfuil sé chun éirí as i gceann trí bliain nuair a bheidh sé 80 bliain d’aois. Dar leis gur thoiligh sé trí bhliain eile a chaitheamh i gceannas ar Údarás um Sábháilteachta ar na Bóithre agus nuair a bheas an seal sin istigh gur maith a oirfeadh sé dó éirí as [...]

Bliain úr mhaith ó Nuacht24 – bíodh 2012 Gaelach siamsiúil iontach agaibh!!

MBE is OBE do Mc Ilroy is Clarke

mac giolla bhride

Tá Rory Mc Illroy agus Darren Clark ar bheirt de 55 duine as na Sé Chontae a fuair ónóir de chuid Bhanríon Shasana nuair a fógraíodh liosta na n-ónóir sin inniu. Bronnadh MBE ar Rory Mc Ilroy agus OBE ar Darren Clark. ‘Is mór liom seo’ arsa Roy Mc Ilroy. ‘Is mór liom mise a [...]

Ar dhiúltaigh rialtas na Breataine do chainteanna le Bobby Sands?

roibeard

Dar le doiciméid stáit gur chuir Bobby Sands in iúl tamall beag roimh a bhás go raibh sé sásta éirí as a stailc ocrais ar feadh 5 lá ar acht go mbuailfeadh feidhmeannach de chuid rialtas na Breataine leis. Dar leis na tuairiscithe go raibh sé ag moladh go mbeadh beirt shagart agus triúr cime [...]

Slad mhargadh na bliana úire – 7,000 inneall e-vótáil

e-votail

Tá an tAire Comhshaoil Phil Hogan i ndiaidh iarraidh ar tascfhórsa a bunaíodh chun plé leis an scannal e-vótáil féacháil le hairgead éigin a fháil ar ais as díol an 7,000 inneall e-vótáil ar cheannaigh an stát in 2004. D’íoc an rialtas an t-am sin €50m as na hinnill nár úsáideadh ach ar bhonn trialach. Tá [...]

35 Coirdíneach marbh in ionsaí Tuirceach

tuirc

Mharaigh arm na Tuirce 35 duine nuair a d’ionsaigh siad baile i dtuaisceart na hIaráice, le taobh na teorannach idir an dá thír. Dar le tuairiscithe ón cheantar gur lucht smuglála bunús acu sin a maraíodh agus gur ionsaigh na Tuircigh iad i ndiaidh do eitleán gan phiolóta iad a aimsiú. Deir arm na Tuirce [...]

‘Bagairt cogadh cathartha anois ann san Iaráic’

an iaraic

Deir ceannaire ar an bhloc Sunni san Iaráic, Iyad Allawi, gur bhaol go mbeidh cogadh cathartha sa tír mura dtagann Sunni is Shiite ar chomhréiteach leis an chomhrialtas ansin a chur ar ais i mbun a chéile. Thit an tóin as an chomhrialtas coicís ó shin nuair a d’ordaigh an Príomh Aire Shiite, Nuri al-Maliki [...]

Bua ag Ceiltigh Ghlaschú

bainisteoir

Bhí amhras ann go rachfaí ar aghaidh leis an chluiche ar chor ar bith mar gheall ar an ghaoth mhór ach sa deireadh leanadh leis. Ní raibh an ‘Glasico’ ar bhealach ar bith inchurtha leis ‘El Clasico’ agus ní raibh ach cúpla eachtra a chuir an lán tí ag Parkhead ar bís. Bhí an cuma [...]

6,683 curtha faoi ghlas as gan fíneáil a íoc

priosun

Ó thuaidh cuirtear 2,000 duine nó mar sin go príosún ar an mheán as gan fíneáil a íoc. Ach ó dheas cuireadh 6,683 duine go príosún anuraidh  as gan fíneáil a íoc. Ba mhéadú faoi thrí sin ar an bhliain roimhe nuair a cuireadh 2,500 duine faoi ghlas as gan fíneáil a íoc. Deir Alan [...]

2010 © Nuacht24