7 mbilliún againn agus ag dul in airde i rith an ama

Tá an líon daoine ar an domhan i ndiaidh 7 mbilliún a bhaint amach – nó thart faoi sin. De réir na Náisiúin Aontaithe nach féidir a bheith iomlán cinnte faoin líon daoine atá ann ach táthar den tuairim gur thart faoi 7 mbilliún atá i gceist agus mar sin gur roghnaíodh inniu chun comóradh [...]

Reifreann sa Ghreig – amhras faoi phlean an euro

Dúirt rialtas na Gréige anocht go bhfuil sé i ndiaidh aontú go mbeadh reifreann ann amach anseo maidir leis na ciorruithe ar aontaigh siad a chur i gcrích mar chuid de phlean tarrthála an euro. Roimhe seo dhiúltaigh an rialtas sóisialach agus a cheannaire Georges Papandreou, a leithéid de reifreann a cheadú, go háirithe os rud [...]

Scéalta an Luain le seoladh ag an Oireachtas

Folcadh343[1]

Seolfaidh Maidhc Dainín Ó Sé ‘Scéalta an Luain’, cnuasach nua gearrscéalta leis an scríbhneoir Helen Ó Murchú, ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne an deireadh seachtaine seo. Is as Ráth Caola i gContae Luimnigh do Helen ó thús. Tá taithí aici ar mhúineadh ag na trí leibhéil den chóras oideachais agus tá ardmheas uirthi [...]

Glacann UNESCO leis an Phalaistín

palaistinigh

Beag beann ar bhagairt Mheiriceá go ndéanfadh siad maoiniú do UNESCO a chealú vótáil an t-eagras inniu chun ball a dhéanamh den Phalaistín. Bhí 107 ball ar a son, 14 ina choinne agus rinne 52 ball staonadh. Bhí 12 stát as láthair. Cuirfidh an cinneadh dlús faoi iarrachtaí na bPalaistíneach chun cur lena stáadas sna [...]

14,000 páirteach i Maratón Bhaile Átha Cliath

cosa

 Bhí 14,000 duine páirteach i Maratón Bhaile Átha Cliath. Ba é seo an 32ú maratón acu agus an cúigiú uair gur tharla ar an Samhain é. Ba é  Geoffrey Ndungu a bhain rás na bhfear agus curiarracht de dhá uair a chloig, ocht mbomaite agus 32 soicind aige. Ba ó Chéinia an cúigear tosaigh i rás na bhfear. [...]

Na mílte ag cur fáilte ar ais roimh Michael D

michael d agus a bhean

Is i nGaeilge a thug Michael D Higgins cuid dá óráid anocht agus é ag caint os comhair corradh is 5,000 duine a chuir fáilte roimhe ar fhilleadh chun na Gaillimhe dó. Orthu sin a bhí sa scaifte ar an Fháiche Mhór bhí grúpa ó Gabh Seilbh ar Ghaillimh. Grianghraf le caoinchead www.michaeldhiggins.ie  – grianghraf [...]

Iarrachtaí sos cogaidh in Iosrael / Gaza

uh

Tá an Éigipt i gceannas ar iarrachtaí chun sos cogaidh a bheartú idir Iosrael agus Islamic Jihad, an dream in Gaza atá ag scaoileadh mortaeir ar Iosrael. Maraíodh duine déag sna caismirtí le 24 uair a chloig anuas, Iosraelach agus deichniúr Palaistíneach, ar trodairí de chuid Islamic Jihad a mbunús.

Ochtar marbh i gcaismirtí Iosrael/Gaza

iosraelaigh

Maraíodh Iosraelach agus seachtar Palaistíneach ar a laghad i gcaismirtí anocht. Maraíodh an tIosraelach nuair a caitheadh mortaeir ó Straice Gaza isteach in Iosrael. Bhí an fear ina theach in Ashkelon nuair a bhuail mortaer é. Roimhe sin maraíodh cúigear ball de Islamic Jihad nuair a scaoil eitleáin Iosraelacha orthu i dtuaisceart Gaza. Agus maraíodh [...]

Leasú ar chumhachtaí coistí Oireachtais buailte

votail sa reifreann

Ní raibh Aire rialtais ar bith i láthair i gCaisleán Átha Cliath anocht nuair a buadh ar an leasú bunreachtúla a bhí molta ag an rialtas maidir le coistí coistí Oireachtais. Bhí 928,175 vóta  ina choinne, (53.3%) agus gan ach 812,008 vóta, (46,7%) ar a shon. Buille nach beag don rialtas.

Leasú ar phá na mbreitheamh – Tá, leasú 2 idir dhá cheann na meá

Leasú ar thuarastal na mbreitheamh – tromlach mór i bhfách leis an leasú, 79.3% ar son athrú, 20.7% i gcoinne. Ach tá an leasú faoi chumhachtaí breise do choistí Oireachtais idir dhá cheann meá agus cuma air go dteipfidh air.

2010 © Nuacht24