Siúilóid don Ghael siúlach scéalach

Siúlóid Sléibhte Chuaille: Satharn 1ú Deireadh Fómhair ar 11 am – 4 pm á eagrú ag Ciorcal Comhrá Ó Méith, Contae Lú Ag fágáil carr chlós ‘Tí Chorr na Muclach’ (The Cornamucklagh House) ar 11r.n. (Ar an phríomhbhóthar idir Íur Chinn Trá agus Ó Méith) Siúlóid 4-5 uair an chloig ata i gceist, go Carnán [...]

9 lá le dul go Cearta agus Ceiliúradh

pobal

Níl ach 9 lá le dul go Cearta agus Ceiliúradh, an la is mó Gaeilge sa bhliain! Cleamairí Ard Mhacha, Deartháireacha Fanzini, lámhchleasaíocht le Johnny Ó Faoláin, Tumble Circus, Celtic Storm agus go leor eile! Dé Domhnaigh 9.10.11 óna 1 -5 Aonach Naomh Seoirse, Béal Feirste

An deascéal ó Google – beidh sé fuar inniu!

google gaeilge

Déan athmhachnamh sula gcáineann tú an drochaimsir s’againne. Nó dar le Google gurb é an aimsir fhuar sin s’againn a spreag iad chun €75m a infheistiú in ionad bunachair sonraí a osclóidh taobh istigh de 15 mí. Cruthófar 30 post lán aimseartha agus 200 post páirtaimseartha agus cuirfidh sé go mór le clú na hÉireann [...]

Comhad eile Anglo-Irish ag na Gardaí

Deir Oifig an Stiúrthóra um Forfheidhmiú Corporaideach go bhfuil an tríú comhad curtha chuig an Garda acu maidir lena raibh ar siúil ag Anglo-Irish sula thit an tóin as an banc. Dar le Paul Appleby gur chuir siad an comhad chuig na Gardaí mí ó shin agus go mbaineann sé leis an tréimhse roimh 2009 [...]

Ráiteas preasa ó Oifig an Choimisinéara Teanga

  Tabharfar deis do gach dalta scoile dara leibhéal in Éirinn foghlaim faoi   chearta teanga i dtionscnamh nua ilmheánach oideachais a d’fhorbair   Oifig an Choimisinéara Teanga agus a sheol an tAire Stáit Gaeltachta,   Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., i nGaillimh inniu/inné (27 Meán   Fómhair 2011).   Tá sé mar aidhm ag an [...]

An bua ag Merkel

merkel

Ghlac Bundestag na Gearmáine ar maidin le moladh Angela Merkel go gcuirfí leis an chuidiú a thugann an tír do chiste eigeandála an Aontais Eorpaigh. Bhí tromlach ag an Sainsléir Merkel níos mó i bhfad ná mar a bhí dréim leis agus vóta 523 i gcoinne 85 ann. Cé go raibh an bua aici léiríonn [...]

Mic léinn leighis na Bairéine curtha go príosún

peaws

Tá fear a ciontaíodh as marú péas le linn léirsithe agus rácáin i mBairéin i mí Feabhra daortha chun báis. Gearradh príosúnacht suas go 15 bliain an duine ar 20 mac léinn leighis a raibh sé curtha ina leith gur chuidigh siad le léirsitheoirí a bhí gortaithe.

Dochar ar bith deanta sa chéad díospóireacht Uachtaránachta

d

Ní raibh spleodar ann i bhfírinne. Agus bhí sé le sonrú go raibh ábhar achrainn níos mó ag Sean O’Rourke i gcaint agus i bhfreagra David Norris ná i gcaint na n-iarrthóirí eile ach bhí an chéad díospóireacht idir an seachtar iarrthóir don Áras ann ar Raidió 1 RTÉ tráthnóna inniu. Ní dhearna aon duine [...]

Comórtas ealaín do na Gaeil thar lear

Ráth Cairn, Áth Buí, Co na Mí. Teil: 046 943 0974      R: fiosru@glornangael.ie Preas ráiteas  Tar éis do rath comórtas na gcártaí Nollag 2010, tá Glór na nGael i mbun comórtas ealaíne nua a eagrú. Is mar chuid de chomórtas Global Gaeilge atá an comórtas á eagrú.   Tá dhá chuid sa chomórtas seo – [...]

Buaiteoirí ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais

D’fhógraí Eibhlín Ní Chonghaile ó Raidió na Gaeltachta buaiteoirí Chomórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge inniu (an 27 Meán Fómhair) ag searmanas i bPáirc an Chrócaigh.  Bhí scríbhneoirí a bhfuil cáil le fada orthu agus scríbhneoirí nach bhfuil ach i dtús a réime ina measc siúd ar bronnadh duaiseanna orthu. Is iad Comórtais Liteartha an Oireachtais [...]

2010 © Nuacht24