Gaelscoil na Mí, céim chun cinn don Ghaelscolaíocht

aitheantas

Ráiteas ón ghrúpa Aitheantas   Oscailt oifigiúil Ghaelscoil na Mí, an chéad Ghaelscoil le haitheantas iomlán ón Roinn Oideachais agus Scileanna ó 2008 Osclaíodh Gaelscoil Ráth Tó ar an 30 Lúnasa 2010 gan aitheantas oifigiúil ón Roinn Oideachais agus Scileanna, áit go raibh 9 dalta ag freastal ar an scoil. Thóg an coiste bunaithe an [...]

Oibrithe de dhíth – don Nollaig!

argos

Tá Argos ag lorg 800 oibrí in Éirinn – chun oibriú go páirtaimseartha dóibh thar tréimhse na Nollag. Fuair an comhlacht 14,000 iarratas anuraidh agus tá dréim acu leis an líon céanna iarratasóirí an uair seo. Dar le Argos go bhfuil siad i ndiaidh €4m a infheistiú ina gcuid siopaí in Éirinn agus go bhfuil [...]

Aisling Bhreandáin – clár faoi Bhreandán Ó Buachalla

obuachalla

AISLING BHREANDÁIN – RTÉ De Luain, 5 Meán Fómhair @ 19.30in Scannán ar shaol agus ar shaothar Bhreandáin Uí Bhuachalla ( 1936-2010) é Aisling Bhreandáin. I gCorcaigh a rugadh agus a h-oileadh an Buachallach. Ba í an teagascóireacht a ghairm saoil agus an scoláireacht a cheird. Chaith sé tréimhsí ag teagasc in Ollscoil na Ríona Bhéal [...]

Na scórtha mílte cime ar iarraidh san Libia

libia

Deir ceannaire ar lucht érí amach in Libia go bhfuil na scórtha mílte cime ar iarraidh agus gan fios acu go fóill cad a  bhain dóibh. Bhí, más fíor, suas le 50,000 duine faoi ghlas an t-am a thit an tóin as rialtas an Choirnéal Ghaddafi an tseachtain seo caite. De réir lucht cearta daonna tá fianaise ann [...]

‘Chuidigh an tIRA leis an ANC’

ionsai

Dar le Kader Asmal gur chuidigh an tIRA le harm an ANC, chun ionsaí buamála a dhéanamh ar scaglann ola Sasolburg, in aice le Johannesburg, in 1980. Bhain éifeacht na hionsaithe siar den rialtas cinedheighilteach ag an am ach níor cuireadh in iúl riamh go dtí seo go raibh dream ar bith ón taobh amuigh [...]

Suas le fiche duine maruithe ag Speirling Irene

crainn

Maraíodh suas le fiche duine nuair a bhuail an Speirling Irene Nua Eabhrac tráthnóna  Domhnaigh. Tá an speirling ag bualadh cósta thoir Cheanada i láthair na huaire ach tá cuid den nirt imithe uaidh. Sna Stáit Aontaithe ní raibh damáiste chomh dona, go dtí seo, agus a bhíothas ag tuar cé go ndearnadh an dúrud damáiste i [...]

Lorg stát Palaistíneach agus beidh daor oraibh – SAM

paalistinigh

Tá Meiriceá ag bagairt stopadh de bheith ag tabhair cúnamh d’aon saghas don Údarás Palaistíneach má leanann siad lena bplean chun cur lena stádas ag na Náisiúin Aontaithe. Dúirt ambasadóir Mheiriceá go hIosrael, Daniel Rubinstein, le príomhmhargálaí na bPalaistíneach, Saeb Erekat, go stopfaidh Meiriceá a dtacaíocht is deontais don Údarás má lorgaíonn an Phalaistín stádas [...]

Súile Alasdair Mc Donnell ar cheannasaíocht an SDLP

alasdair

Tá an cuma ar an scéal go mbeidh Alasdair Mc Donnell ag dul chun tosaigh sa chomórtas do cheannasaíocht an SDLP. Táthar ag tuairisciú gur sheol an tUasal Mc Donnell litir chuig breis agus 60 craobh de chuid an pháirtí le déanaí ag tabhairt cuireadh dó é a ainmniú don cheannasaíocht. Beidh comórtas ann i [...]

Gaddafi, fear mire, fear misniúil

nua

 Le Caoinchead Ghaelscéal – www.gaelsceal.ie   le hEoghan Ó Néill Allahu Akbar! Altú le Dia! Tá deachtóir eile ar lár. Agus is mé atá sásta. Guím rath ar phobal na Libia. I bhfad bhfad ó shin loic Muammar Gaddafi orthu agus ar a réabhlóid féin nuair a thosaigh sé ag creidiúint gurb É an réabhlóid. [...]

Pléascán ag oifigí na NA sa Nigéir – 18 marbh ar a laghad

nigeir

Tharla pléascán in oifigí de chuid na Náisiúin Aontaithe sa Nigéir ar maidin. Táthar ag tuairisciú gur gortaíodh go leor daoine agus gur maraíodh roinnt daoine. De réir na gcéad tuairiscithe tá damáiste ollmhór déanta agus an foirgneamh i gcathair Abuja le tine. Carrbhuma a bhí ann, de réir dealraimh. Cuireadh an locht ar Al [...]

2010 © Nuacht24