Táthar ag tuairisciú gur maraíodh suas le trí scór duine nuair a rinne saighdiúirí na Siria ionsaí ar chathair Hama, áit mar a bhfuil agóidí ar bun le roinnt míonna anuas. Bhí na mílte saighdiúir páirteach in ionsaí an lae inniu agus tá tuairim ann go bhfuil sé beartaithe ag an arm smacht a chur [...]
Bhí slua maith i láthair sa Cheathrú Póilí sa Chultúrlann inniu nuair a rinne an file Frankie Sewell leabhar nua Robert Welch, ‘Japhy Ryder ar Sheleasaibh na Mangartan’ a sheoladh. Tá an leabhar ar fáil ó Coiscéim www.coisceim.ie Pictiúr le caoinchead Pól Deeds.
Tá feachtas David Norris chun ainmiúchán a fháil don Uachtaránacht ina cíor thuathail an deireadh seachtaine seo i ndiaidh do triúr oibrí sinsearach san fheachtas éirí as. Ach in ainneoin sin deir an Seanadóir Norris gur rún dó leanúint lena fheachtas. Níor mhínigh an triúr, Jane Cregan, ceannasaí poiblíochta, Derek Murphy, ceannasaí toghcháin agus Orliath [...]
Japhy Ryder ar Shleasaibh na Mangartan an teidil as an ghnáth a chuir Robert Welch ar a leabhar beathaisnéise nua atá foilsithe ag Coiscéim. Ach “Cé Japhy Ryder agus cá háit a bhfuil na Mangartan?” a bheidh daoine a rá. Bheul mar a mhínigh Robert dom in agallamh eisiach a rinne sé le Raidió Fáilte [...]
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 1991 – 2011 Luan 1 Lúnasa 7:00in An Píopa Cur ar scáileán agus Plé Bí linn a dh’amharc ar eisiúint chríochnúil an scannáin ardiomrá seo, ‘An Píopa’, atá stiúrtha ag Risteard Ó Domhnaill. Tá an cuan, a chothaigh pobal beag Ros Dumhach leis na glúnta, i ndiaidh an éadáil fhoirfe [...]
Tá lucht éirí amach san Libia tríd a chéile i ndiaidh marú ceannaire míleata s’acu, an Ginearál Abdel Fatah Younes, agus beirt cheannaire eile a bhí ina chuideachta. Ní léir go fóill cad é mar a maraíodh é ach deirtear go bhfuil a chorp faighte ag a ghaolta agus go bhfuil an iliomad lorg piléir [...]
Beidh Robert Welch i láthair amárach, Dé Sathairn, sa Cheathrú Póilí i mBéal Feirste nuair a dhéanfar a leabhar is úire, Japhy Ryder, ar shleasaibh na mangartan, a sheoladh. Beidh an ócáid ag tosú ar 1.00 in agus beidh smailceanna bia is soláistí ar fáil ann. Tuilleadh eolais ó Bhéal Feirste 90322811 nó eolas@an4poili.com
Scéal lár an tsamhraidh atá ann ach is scéal é a bhfuil cosa faoi. Tá an domhan Twitter, agus anois na nuachtáin ar líne agus clóite, uilig ag tuairisciú go bhfuil cogadh na bhfocal ag dul idir Rory Mc Ilroy agus an craoltóir BBC, Jay Townsend, iarghalfaire. Cháin Townsend an dóigh a dhéanann Mc Ilroy [...]
Féile na Laoch a dhéanfaidh comóradh ar Sheán Ó Riada, agus laochra eile. Ar na laochra a bheidh páirteach san Fhéile ag Cúl Aodha ag an deireadh seachtaine saoire bainc 29 Iúil – 31 Iúil , beidh Glen Hansard, Christy Moore, Nuala Ní Dhomhnaill, Paul Muldoon, Micheál Ó Muircheartaigh, Michael D Higgins, Barry Mc Govern, [...]
Ligeadh saor aréir cúigear den seisear a bhí an PSNI ag ceistiú maidir le dúnmharú an Chonstábla Ronan Kerr. Tá bean a gabhadh ar an Omaigh inné á cheistiú ag an phéas i rith an ama. Deir an LeasChéad Aire go raibh an oibríocht phoilíneachta a bhí ar bun ag an PSNI i gContaetha Thír [...]
Tráchtanna is Déanaí