David Dunseith marbh – glór na cainte is na conspóide ar Raidió Uladh feadh na dtrioblóidí

dd

Tá an craoltóir David Dunseith i ndiaidh bás a fháil. Bhí an tUasal Dunseith ar dhuine de na craoltóirí is aitheanta sa tuaisceart. Thosaigh sé mar chaoltóir le UTV beagnach 40 bliain ó shin agus níorbh fhada go raibh sé ag cur i láthair an phríomhchlár nuachta ar theilifís ann. Chuaigh sé ar ball chuig [...]

Oireachtas Cheanada – féasta na nGael

ceanada

Tabharfaidh an 1ú lá de mhí Iúil 2011 ré speisialta isteach i saol na teanga agus na h-ealaíon Gaelacha lasmuigh d’Éirinn. Mar ar an lá sin tosóidh an chéad Oireachtas Cheanada riamh – comórtas trí la – agus é go léir á reáchtáil trí mheán na Gaeilge. Imeasc na n-imeachtaí beidh amhránaíocht, rince, ceol agus [...]

Súil Charad i nDoire

sul

  Súil Charad le bheith sa leabharlann lárnach i nDoire Tá Súil Charad, taispeántas agus leabhrán ar fhoilseacháin i nGaeilge le breis agus 200 bliana, le bheith i Leabharlann Lárnach Chathair Dhoire, an tseachtain seo. Is é POBAL, grúpa abhcóideachta na Gaeilge, a thiomsaigh agus a d’fhoilsigh an taispeántas agus an leabhrán a théann leis. [...]

Ní bheidh MV Saoirse in ann dul ar aghaidh

saoirse

Ní docha go mbeidh an bad Éireannach MV Saoirse in ann a bheith páirteach sa chabhlach go Gaza anois. Rinneadh damáiste nach beag don bád agus é sa Tuirc. Measann lucht eagraithe an chabhlaigh gur gníomhaithe de chuid Iosrael a bhí freagrach as. Tá socruithe á ndéanamh anois chun an 25 Éireannach a chur ar [...]

Dúnmharú Rafik Hairiri – líomhaintí i gcoinne ceannairí Hizbollah

buama

Tá an choiste idirnáisiúnta a bhí ag fiosrú dúnmharú Rafik Hariri, Priomh Aire na Liobáine, i ndiaidh cáipéisí dhíotála a chur i láthair cúirteanna is rialtas na Liobáine. Tá an choiste ag cur i leith ceathrar oifigeach sinsearach le Hezbollah go raibh baint acu le dúnmharú an Phríomh Aire Hariri. Feallmharaíodh é nuai ra phléasc [...]

Scoil samhraidh Mhic Reachtain – seolta!

Seoladh Pic 1

le Dónall Mac Murchaidh Bhí blas idirnáisiúnta ar an bhia agus ar an cheol ar aon nuair a seoladh Scoil Samhraidh Mhic Reachtain de chuid Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain sa bhialann La Boca ar Shráid Fountain i gcroílár Bhéal Feirste inné. Bhí drumadóirí Mheiriceá Theas agus bean ghleoite ar chosa croise ag cur fáilte meidhreach [...]

Teanga nach gcuirfear ina tost

ceiliuradh

 An chaint a thug an t-ealaiontóir aitheanta Brian O’Doherty le déanaí nuair a nocht sé an saothar ealaíne, ‘Teanga, Aisling an Phobail’, ar Bhóthar na bhFál. ‘Bhí mé ag tabhairt aire do mo chuid gnóthaí féin i mo stiúideo i Nua Eabhrac nuair a tháinig mór-ealaíontóir chuig mo dhoras – Bobby Ballagh, fear a bhfuil dea-chlú [...]

Ardú ardú is ardú ar dhaonra na 26 Chontae

daoine

Tá borradh faoi Chontae Laoise. Tá ardú 20% ar an phobal ansin taobh istigh de 5 mbliain ar na figiúirí is sonraí i réamhthuarascáil ar an daonáireamh. Mhéadaigh an daonra sa chontae ó  67,059 i 2006 go 80,458 .  Tá 4,581,269  duine ina gcónaí sa stát anois, ardú de 341,000 duine ó rinneadh cuntas do deireanach [...]

Féile Charn Tóchair – 3 go 16 Iúil

carn

Déan réidh anois le hoidhreacht shaibhir chultúrtha, teanga agus chomhshaoil cheantar Charn Tóchair a bhlaiseadh trí pháirt a ghlacadh i gcuid d’iliomad imeachtaí Fhéile Charn Tóchair 2011. I measc na n-imeachtaí beidh campa samhraidh Gaeilge agus campa samhraidh dátheangach ann do dhaoine óga, tóraíocht taisce (Déardaoin 7 Iúil), lá sa choill (Satharn 9 Iúil), lá [...]

MV Saoirse – sabaitéireacht?

saoirse

Rinneadh sabaitéireacht ar inneall an bháid Éireannaigh MV Saoirse, le linn dó a bheith i bhfarraigí na Tuirce thug lucht Saortar Gaza le fios ar maidin. Chuir siad an locht ar Iosrael as an sabaitéireacht agus mhaígh nach stopfadh siad é de bheith ag triall ar Gaza. Dar leo go ndearnadh an sabaitéireacht ar dhóigh a [...]

2010 © Nuacht24