‘Ná cuir isteach orainn’ – arm na hÉigipte

gazza

Thug ceannasaí ar arm na hÉigipte Sami Anan rabhadh d’Iosrael gan féacháil le cur isteach ar chinneadh na hÉigipte chun a dteorann le Gaza a fheidhmiú ar bhonn normálta seachas é a bheith druidte de réir mhian Iosrael. Dar leis an Ghinearál nach gnó Iosrael é cinneadh Chaireó. Roimhe seo druideadh an ionad seiceála agus [...]

Aird anois ar cheapacháin an Taoisigh don tSeanad

Kathryn-ReillySF-197x197

Ní fhógróidh an Taoiseach an 11 ceapachán s’aige don tSeanad go gceann roinnt seachtainí. Bhain Fine Gael 18 suíochán i dtoghchán an tSeanad. Bhain Fianna Fáil 14 suíochán, bhí 9 suíochán ag Páirtí an Lucht Oibre agus 3 suíochán ag Sinn Féin. Agus níl aon dílseacht pháirtí ag an chúigear eile a bhain suíochán. Is [...]

Xtravision i dtríoblóid

x

Tá an comhlacht Xtravision i ndiaidh dul faoi cheannas an riarthóra go gceann míosa ar a laghad. Dúradh san ArdChúirt innné go raibh an comhlacht ag iarraidh cosaint mar nach dtiocfadh leo a gcuid fiacha a íoc i láthair na huaire. Dúradh lena chois gur léirigh tuarascáil ó chúntasóirí neamhspleácha go bhfuil dóchas ann gur féidir [...]

50 duine marbh in Siria

siria

Maraíodh suas le 50 duine le linn agóidí in Siria inniu de réir tuairiscithe ón tír. Bhí lá agóidí beartaithe agus is léir go raibh agóidí in go leor áiteanna. Ach tá cinsireacht agus smacht i bhfeidhm go dian fud na tíre agus tá sé deacair teacht ar eolas cruinn. Ina dhiaidh sin ar fad [...]

Ré nua don Lyric

lyric

Rinneadh Amharclann an Lyric i mBéal Feirste a athoscailt inniu. Le dhá bhliain anuas tá an tAmharclann á atógáil agus luach £18m ar an atógáil sin. Tá an Lyric ag croí na drámaíochta i mBéal Feirste ó osclaíodh é in 1951 agus ar na haisteoirí a bhíodh ag aisteoireacht ann bhí Liam Neeson, Kenneth Branagh, [...]

Bainís Ríoga Shasana

bainis

Phós Prionsa Liam Shasana ar Kate Middleton in Londain inniu. Bhí 2,000 aoí ar leith i láthair ag Mainistir Westminster don phósadh, go leor polaiteoirí idirnáisiúnta san áireamh. Bhí na scórtha mílte duine ar shráideanna Londan le fáilte a chur rompu agus bhí na scórtha mílte eile bailithe i bpáirceanna sa chathair. Bhí 8,000 iriseoir [...]

Anglo ag dréim le leathchuid den airgead a fháil ar ais ó Quinn

a dukes

Deir cathaoirleach Anglo-Irish Banks Alan Dukes go bhfuil sé ag dréim leis go bhfaighidh an banc ar ais níós lú ná  leathcuid den airgead a thug siad ar iasacht chuig teaghlach Quinn . Agus é ag caint ar RTÉ ar maidin dúirt Alan Dukes go mbeidh Anglo ceangailte leis an Quinn Group anois faoi choinne 5 [...]

An Éigipt chun éirí as léigear Gaza?

gaza

D’fhógair an Éigipt inniu go bhfuil siad chun an ionad custaim idir an tír agus Straice Gaza a oscailt agus a choinneáil oscailte. Dar leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, Nabil al Arabi, agus é ag caint le Al Jazeerah, go bhfuil an ionad custaim Rafah le hoscailt agus le fanacht oscailte chun baint de chruatán phobal Gaza. [...]

Toghchán an tSeanaid – slán le Dan, aló John Crown

Chlis inniu ar iarrachtaí Dan Boyle ar shuíochán Dála a bhaint. Ach bhí deascéal ann do David Norris, a bhain suíochán le vóta mór maith. Toghadh Ronan Mullen mar aon le Fergal Quinn agus an Dr John Crown ó Ospidéal Naomh Uinseann. Gheall an tOllamh Crown go dtabharfadh sé a thuarastal ar fad do ghrúpaí a [...]

14 marbh i bpléascán sa Mharacó – 11 eachtrannach san áireamh

Morocco Explosion

Maraíodh ceathrar duine déag ar a laghad, eachtrannaigh san áireamh, nuair a phléasc buama in Marakeesh inniu. Phléasc an buama i gcearnóg Djemaa el-Fna, áit ar ghnách le turasóirí seal a chaitheamh ag ól caife nó ag tógáil grianghrafanna. Deirtear gur eachtrannaigh 11 duine acu sin a maraíodh. Agus gur eachtrannaigh cuid mhór den 20 [...]

2010 © Nuacht24