€24 billiún sa bhreis de dhíth

Tá €24billiún sa bhreis de dhíth ar bhancanna na hÉireann tugadh le fios tráthnóna. Tá an rialtas ag meas impleachtaí na scrúduithe strúis atá díreach foilsithe agus beidh siad ag caint leis an Aontas Eorpach gan mhoill féacháil le polasaithe a leasú i bhfianaise an scéal is déanaí. Ba é seo an chúigiú iarracht chun [...]

Alex Hijmans faoi agallamh

‘Ní coirpeach mé’ Lowry

lowry

Deir Michael Lowry nach coirpeach é agus nach bhfuil rún dá laghad aige éirí as Dáil Éireann. Bhí sé ag caint díreach i ndiaidh don Dáil glacadh d’aonghuth le rún a mhol dó éirí as mar gheall ar na líomhaintí ina choinne a bhí sa chuid is déanaí de thuarascáil Moriarty. Dar leis an Teachta [...]

Céiliúradh na nÓg i mBéal Feirste

foram -

(Grianghraf le caoinchead Grúpa Meán Bhéal Feirste) Déanfar ógánaigh Gaelacha Bhéal Feirste a cheiliúradh ag ócáid speisialta i gColáiste Feirste i mBéal Feirste anocht. Tá an imeacht á eagrú ag Foram na nÓg sa chathair. Ar 7.00 in bronnfar teastais agus duaiseanna ar chuid de na hogánaigh sin a rinne difear i saol na Gaeilge. Cuirfear [...]

Deireadh le Raidió na Féile

Tá stáisiún raidió pobail in Iarthar Bhéal Feirste, Féile FM, i ndiaidh druidim, ceal airgid. Dhruid an stáisiún ag deireadh na seachtaine seo caite i ndiaidh dóibh bheith i mbun craolta lánaimseartha ón bhliain 2005 le ceadúnas ó OFCOM. D’eascair an stáisiún ó Fhéile an Phobail, féile pobail Iarthar Bhéal Feirste.   Bhí dornán daoine fostaithe [...]

Cumann Óige Chluanaí

Guth na Gaeltachta – an tslí chun tosaigh

logo nua

Tuairisc ar an chruinniú is déanaí de chuid Guth na Gaeltachta Socraíodh: 1.       Lá eolais a eagrú leis na Teachtaí Dála agus Seanadóirí roimh an Samhradh 2.       Cruinnithe a lorg leis na hAirí cuí, san áireamh: An tAire Jimmy Deenihan; An tAire Stáit Donnacha Mac Fhionnghaile; An tAire Ruairí Quinn; An tAire Michael Noonan (ach [...]

Céim chun cinn ar Bhóthar na bhFál

leabharlann

Tá an comhlacht tógála, Patton Group, atá i mbún oibre athchóirithe faoi láthair ar Leabharlann na bhFál, i ndiaidh comharthaí sábháilteachta Gaeilge a chur in airde ar an suíomh s’acu i gcroílár na ceathrún Ghaeltachta. Dar le hOifigeach Tionscadail, Forbairt Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh; ‘Fáiltaíonn Forbairt Feirste roimh an chomharthaíocht shábháilteachta ar thosach clúiteach Leabharlann [...]

An CAB ag scrúdú fianaise Moriarty

CAB

Tá an CAB (An Biúró um Shocmhainní Coiriúla)  chun an chuid is déanaí de thuarascáil Moriarty a scrúdú chun a fháil amach an gá tús a chur le cás coiriúil. Shéan Coimisinéir an Gharda, Martin Callinan, shéan sé inniu do thuairiscithe go bhfuil cás tosaithe ag an CAB maidir le gnóthaí airgeadais Michael Lowry i bhfianaise ar tugadh le fios sa [...]

Ógánaigh uirbeacha radacacha

cead

Preas ráiteas Thainig thart fá 40 duine amach Dé Sathairn 26 Márta le pairt a glacadh sa tionól óige úr atá bunaithe i mBéal Feirste. Bhí comrádaí ann as an Socialist Youth( SP), Belfast FN, IRSP agus Dublin CDC. Comh maith leis sin, bhí go leor leor ann nach bhfuil baint ar bith acú le [...]

2010 © Nuacht24