Bhreathnaigh 1.1m duine ar shuíomh toghcháin RTÉ ag deireadh na seachtaine seo caite tugadh le fios tráthnóna. Breathnaíodh ar 19m leathanach san am sin, dhá oiread an t-éileamh is a bhí ar thuairiscithe RTÉ ar thoghchán 2007.
28.02.2011 | Rannóg:
náisiúnta |
Tuilleadh »
Tá Dick Roche curtha as an áireamh sa chuntas chun Teachtaí Chill Mhantáin a thoghadh. Fógraíodh anocht go bhfuil an athchuntas críochnaithe agus go bhfuil mionathrú le cur i gcrích dá bharr. Ach go fiú agus sin déanta beidh an iarAire Roche as an áireamh. Dúirt Dick Roche nach gcuirfeadh sé as an áireamh go [...]
Tá Páirtí an Lucht Oibre agus Fine Gael ag meas na gcainteanna a bhí idir paineál ón dá thaobh tráthnóna. Mhair an cruinniú idir Fine Gael is an Lucht Oibre roinnt uaireanta a chloig.Tosóidh na cainteanna as an úr ar naoi a chlog ar maidin amárach. Is iad Enda Ó Cionnaith, Phil Hogan, Michael Noonan [...]
Meastar anois go bhfuil bearna de chúig vóta idir Dick Roche agus Pat Fitzgerald agus athbhreathnú déanta ar a vótaí céad rogha. Tá na dlíodóirí ann ag gach taobh a la ‘Hanging Chad George Bush. Táthar ag athscrúdú vótaí céad rogha na n-iarrthóirí eile faoi láthair. D’fhéadfadh leis an athchuntas dul ar aghaidh go gceann [...]
28.02.2011 | Rannóg:
náisiúnta |
Tuilleadh »
Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge beidh ócáid ar leith á eagrú ag Aonad na Gaeilge agus Gaeláras Mhic Ardghail: Foinn is Focail ‘Oíche Airneáil’ le Geraldine Bradley, Ruairí Cunnane agus Ceotóirí Áitiúla Oíche Mháirt, 8 Márta 2011 ar 8.30 pm Beár an Fhéinics, Sráid an Uisce/Sráid Mhaighréid i lár an Iúir Cead isteach saor [...]
28.02.2011 | Rannóg:
imeachtaí |
Tuilleadh »
Deir Enda Ó Cionnaith gur chruthaigh pobal na 26 Chontae don domhan go n-oibríonn an daonlathas. Dar leis nach deachaigh pobal an stáit ar na sráideanna ach gur thriall siad ar na boscaí ballóide ina gcéadta mílte chun ‘reabhlóid dhaonlathach’ a chur i gcrích.
27.02.2011 | Rannóg:
náisiúnta |
Tuilleadh »
Beidh athchuntas ann i gCill Mhantáin amárach ar maidin i ndiaidh don iarAire Dick Roche a leithéid a éileamh. Bhí Dick Roche beagán ar chúl a chomhiarrthóir Fhianna Fáileach anocht nuair a bhí sé le díbirt agus a vótaí le dáileadh ar iarrthóirí eile. Seachas sin d’iarr an tUasal Roche athchuntas agus beidh sin ag [...]
Tá comháireamh tosaithe arís ar maidin i 9 ionad cuntais fud an stáit. Tá 131 Teachta tofa cheana féin agus ag tús na maidine bhí an líon Teachta mar seo a leanas, Fine Gael 59, Páirtí an Lucht Oibre 31, Fianna Fáil 14, Sinn Féin 13, Sóisialaigh 3, Neamhspleácaigh 11.
27.02.2011 | Rannóg:
nuacht |
Tuilleadh »
Tá na meáin idirnáisiúnta tríd a chéile i ndiaidh d’fhorbaitheoir bheith ag barr an chomháirimh i dtoghcheantar Loch Garman. Bhí 13,329 vóta ag an iarrthóir neamhspleách Mick Wallace agus toghadh é ar an chéad chomháireamh. Tamall ó shin dar le Mick Wallace go raibh fiacha de €40m air. Ba bhuille millteanach do Fhianna Fáil Thomas Pringle a bheith [...]
26.02.2011 | Rannóg:
náisiúnta |
Tuilleadh »
Tá slad ar Fhianna Fáil chomh dona is a bhíothas ag tuar. Bua ag Fine Gael níos fearr ná mar a bhíothas ag tuar. Lá iontach maith ag Páirtí an Lucht Oibre agus scothlá ag Sinn Féin. Idir mhaith agus olc do na neamhspleácaigh agus tubaiste glan do na Glasaigh. Tá an cuma ar an [...]
Tráchtanna is Déanaí