Tá fear go dona tinn san ospidéal i ndiaidh do ghunnadóir é a scaoileadh i mBaile Átha Cliath aréir. D’ionsaigh gunnadóir an fear (40) taobh amuigh de theach tabhairne an Cappagh House i bhFionnghlas roimh a deich a chlog aréir. D’éalaigh an ghunnadóir i gcarr.
Deir Bertie Ahern nach bhfuil sé chun é féin a rialú as comórtas na hUachtaránachta ar an bhliain seo chugainn. Ar maidin chuir sé in iúl nach rún dó seasamh i dtoghchán na bliana seo chugainn. Buille trom d’Fhianna Fáil atá cheana féin faoi bhrú mór mar gheall ar chinneadh Noel Dempsey, Dermot Ahern, agus Beverly [...]
Tá iarUachtarán Iosrael, Moshe Katsav, le daoradh go príosún i ndiaidh do chúirt in Tel Aviv é a chiontú inniu as sárú ban agus as ciapadh is ionsaí gnéis a dhéanamh ar roinnt ban eile. Tharla roinnt de na hionsaithe le linn dó a bheith ina Aire rialtais sna 1990í ach tharla dá eachtra agus é ina [...]
30.12.2010 | Rannóg:
idirnáisiúnta |
Tuilleadh »
Is baol go mbeidh na srianta ar an chóras uisce i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste i bhfeidhm thar tréimhse na bliana úire. Thug Brian Smyth, príomhinnealltóir le Comhairle Bhaile Atha Cliath le fios go bhfuil sé in amhras anois go dtiocfadh leo na srianta a mhaolú faoi mar a bhí beartaithe. Dar leis go [...]
Riailigh cúirt sa Rúis inniu go bhfuil Mikhail Khodorkovsky ciontach as cúigleáil (embezzlement). Tá seacht mbliain caite ag an Uasal Khodorkovsky, a bhí tráth ar an bhilliúnaí is mó sa Rúis, as gan cáin a íoc. Chuir Khodorkovsky olc ar an Uachtarán Putin roinnt blianta ó shin nuair a mhaígh sé go raibh calaois ag ardleibhéal sa [...]
27.12.2010 | Rannóg:
idirnáisiúnta |
Tuilleadh »
Tá na céadta míle teach gan uisce ar fud na tíre tar éis do phíopaí pléascadh de bharr na coscartha. Agus teochtaí ag ardú arís i ndiaidh na tréimhse fuaire, tá píopaí briste ag cur isteach go mór ar sheirbhísí uisce agus tá leibhéal an uisce i dtaiscumair ag ísliú go gasta. Chun stórais a [...]
27.12.2010 | Rannóg:
náisiúnta |
Tuilleadh »
Fear caoch, beo bocht ab é Raiftearaí an File a chaith formhór a shaoil ag fánaíocht i nGaillimh agus i Maigh Eo, ag ól, ag cumadh filíochta agus amhrán agus ag seinm ceoil “do phócaí folmha” nó gur bhásaigh sé 175 bliain ó shin, cothrom an ama seo. Mar sin féin, áirítear é ar dhuine [...]
26.12.2010 | Rannóg:
ealaíona |
Tuilleadh »
Tá teochtaí ag ardú os cionn an reophointe den chéad uair le breis agus seachtain anuas, le sneachta agus sioc anois ag leá go mall in áiteanna ar fud na tíre. Moltar do thiománaithe bheith cúramach go fóill ar na bóithre mar go bhfuil oighear dubh agus sneachta fós ina luí i gceantair éagsúla ach [...]
26.12.2010 | Rannóg:
náisiúnta |
Tuilleadh »
Tráchtanna is Déanaí