Ba as Oirthear na hEorpa ceathrar de na daoine sin a bhí i dtaisme in aice le Carraig Uí Leighein i gContae Chorcaí ar maidin. Maraíodh beirt de cheathrar a bhí i gcarr BMW a bhí ag dul i dtreo chathair Chorcaí nuair a tharla tionósc idir é agus dhá charr eile. Gortaíodh triúr eile [...]
Bhí an tUachtarán orthu sin a ghabh comhbhrón leis an Aire Micheál Ó Máirtín inniu i ndiaidh dá íníon Léana (7) bás a fháil. Tugadh í go hospidéal in Sasana níos luaithe an tseachtain seo agus fadhb lena croí ag cur as di ach cailleadh í aréir. I ráiteas deir muintir Uí Mháirtín go bhfuil [...]
Deir rialtas Mheiriceá go bhfuil lorg al Qaeda ar na hiarrachtaí a rinneadh chun dá thargaid a ionsaí sna Stáit Aontaithe. Bhain saineolaithe an dochar ó dhá bhuama a fritheadh ar eitleáin in Dubai agus ag aefort East Midlands in Sasana. Bhí na buamaí i mbeartanna a bhí á seacadadh ar seirbhís phost Mheiriceá, UPS, [...]
30.10.2010 | Rannóg:
idirnáisiúnta |
Tuilleadh »
Tá na mílte Gael, as gach cearn den tír agus níos faide i gcéin, bailithe le chéile i gCill Airne, Co. Chiarraí, le haghaidh Oireachtas na Samhna 2010. Cuireadh tús leis na comórtais éagsúla amhránaíochta agus cainte an lá inné, Déardaoin, agus beidh buaic na féile ann amárach, Dé Sathairn, le babhta ceannais damhsa ar [...]
29.10.2010 | Rannóg:
gaeilge |
Tuilleadh »
Ar mhaith leat do chlár féin bheith agat ar an raidió? Tá Raidió Fáilte ag tabhairt cuireadh do Ghaeilgeoirí a bhfuil smaointí nua acu sraith clár nua a thoiseacht ar an raidió. Tá sceideal Geimhridh 2010/11 á chur le chéile ag foireann Raidió Fáilte faoi láthair na huaire agus ba mhian leo spás sa sceideal [...]
28.10.2010 | Rannóg:
gaeilge |
Tuilleadh »
Gortaíodh ceathrar ar maidin nuair a bhain taisme de heileacaptar de chuid an PSNI cóngarach don áit a maraíodh triúr i dtaisme den tsórt céanna Dé Sathairn. Tharla an aerthaisme ar maidin sna Beanna Boirche agus níor bhain ach mionghortú dóibh sin a gortaíodh.
Deir na Gardaí go bhfuil siad den tuairim gur maraíodh Robert Ryle mar gheall ar imreas idir dronganna i mBaile Átha Cliath. Fuair an tUasal Ryle, (30) , a ciontaíodh as róbáil bainc agus coireanna eile san am a d’imigh, fuair sé bás inné, ceithre lá i ndiaidh do ghunnadóir é a scaoileadh i gCluain [...]
Tá iarbhall aitheanta den IRA i ndiaidh lámh a chur ina bhás féin. Anuraidh d’fhoilsigh Gerry Whitey Bradley leabhar conspóideach ‘ the Insider’ ag cur síos ar an tríocha bhliain a chaith sé san IRA agus faoin ról a bhí aige i gcuid de na mórimeachtaí a tharla le linn na dtrioblóidí. Ní raibh baill [...]
Tá Ryanair chun 1,000 oibrí a bhriseadh as a post in Frankfurt na Gearmáine. D’fhógair an aerlíne na ciorruithe ar maidin agus chur siad an locht ar rialtas na Gearmáine as cáin a ghearradh ar lucht aerthaistil. Tá na ciorruithe le cur i gcrích idir seo agus an tsamhradh seo chugainn.
Tráchtanna is Déanaí