Deir Antonio Contador, buaiteoir Tour de France 2010, go ndearnadh bia dá chuid a thruailliú agus nár ghlac sé le haon drugaí ná substaintí mídhleathacha. Tugadh le fios inniu go raibh lorg de dhrugaí cosctha faighte i scrúdú a cuireadh ar an Spáinneach i ndiaidh dó an Tour a bhaint den tríú uair i mí [...]
Cailleadh Tony Curtis aréir. Bhí an t-aisteoir iomráiteach in aois 85. Feadh na gcaogaidí is na seascaidí go háirithe bhí ardchlú ar an réalta Hollywood agus ar na scannáin a bhí sé páirteach ann, leithéidí Some Like It Hot agus The Sweet Smell of Success. Fuair sé ainmniúchán Oscar as a ról sa scannán The Defiant [...]
Tá Barack Obama i ndiaidh litir a scríobh chuig Benjamin Netanyahu ag iarraidh air tacú le cealú dhá mhí eile ar thógáil áitrimh Iosraelacha sna Tíortha Gafa. De réir tuairiscithe i Meiriceá geallann an tUachtarán Obama go leor leor buntáistí do Iosrael má aontaíonn siad glacadh le cealú dá mhí eile ar thógáil áitrimh. Dar [...]
Tá sé ráite an Rialtóir Airgeadais go gcostnóidh sé anois €29.3bn chun banc Anglo Irish a athstruchtúrú, cé go mb’fhéidir go mbeadh €5bn sa bhreis de dhíth sa deireadh. Fógraíodh an mhí seo caite go mbeadh thart ar €23bn i gceist le Anglo Irish a shábháil ach dar leis an rialtas anois gurb ionann an [...]
30.09.2010 | Rannóg:
náisiúnta |
Tuilleadh »
Fógraíodh buaiteoirí Chomórtas Liteartha Oireachtas na Gaeilge an tseachtain seo le Ó Chósta go Cósta, scríofa Frank Reidy agus foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, ag buachan Ghradam Uí Shúilleabháin, Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta. Cuntas láidir é an leabhar ar chuairt ar ais chun na hAfraice, áit a ndearna Frank fónamh mar oifigeach airm le linn [...]
Tá fear 41 bliain d’aois á cheistiú faoi leoraí a thiomáint tríd geataí Thígh Laighean ar maidin. Tharla an t-eachtra díreach i ndiaidh a seacht a chlog nuair a tiománadh an leoraí, meascthóir stroighne, in aghaidh geataí an fhoirgnimh. Chuaigh sé i bhfostó ann. Bhí na focail ‘Toxic Bank Anglo’ peinteáilte ar an leoraí. Ghabh [...]
29.09.2010 | Rannóg:
náisiúnta |
Tuilleadh »
Tá titim amach idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre i ndiaidh do Ruairí Quinn teacht ar chomhshocrú le Fianna Fáil chun péireáil a bheith ar fáil don Tanáiste agus í i Meiriceá. Deir Alan Shatter , Teachta le Fine Gael, go mbíonn Páirtí an Lucht Oibre ar fáil i gcónaí nuair a bhíonn [...]
28.09.2010 | Rannóg:
náisiúnta |
Tuilleadh »
Táthar chun tosú go luath ar chuardach do dhuine eile de na daoine atá ar iarraidh ó am na dTrioblóidí sa tuaisceart. Deir John Mc Ilwaine, an fear atá i gceannas ar bhuíon de shaineolaithe a oibríonn i gcomhar le Cumann na nÍospartach, deir sé go bhfuil siad ar tí tochailt ag suíomh sna Sé [...]
Tráchtanna is Déanaí