Ionsaí ar Iosraelaigh in Hebron

Maruithe in Hebron

Tá Palaistínigh á lochtú as ionsaí a tharla in aice le Hebron ar an Bhruach Thiar tráthnóna. Scaoileadh ceathrar Iosraelach chun báis nuair a d’ionsaigh gunnadóirí carr in aice le Hebron. Tá lonnaíocht Ghiúdach in Hebron, ceantar Palaistíneach go mór mór. Tuigtear gur beirt fhear agus beirt bhan a maraíodh agus go raibh duine de [...]

Mick Lally ar shlí na Fírinne

mick n

Fuair an t-aisteoir Mick Lally bás iniu. Bhí sé in aois 64 agus bhí sé tinn le tamall anuas. Bhí ardaithne air mar aisteoir stáitse agus aisteoir le Gaeilge lena chois. Bhí sé páirteach sa ghrúpa drámaíochta Field Day agus bhí iomrá ar a ról sa dráma ‘Translations’ le Brian Friel. Bhí sé ar dhuine [...]

Ceathrar saighdiúir eile Meiriceánach marbh i ndiaidh pléascán san Afganastáin

OLYMPUS DIGITAL CAMERA

Maraíodh ceathrar saighdiúir de chuid arm Mheiriceá san Afganastáin ar maidin inniu. Cailleadh na saighdiúirí in oirthear na tíre nuair a phléasc buama le taobh an bhealaigh mhóir agus patról ag dul thairis ag an am. Inné maraíodh seachtar saighdiúir de chuid Mheiriceá i ndá ionsaí san Afganastáin. Maraíodh corradh is 50 saighdiúir Meiriceánach i [...]

Péas curtha chun bóthair

meic

Tá rialtas Mhecsiceo i ndiaidh 3,200 den phéas a bhriseadh as a bpost. Dar leo go bhfuil na daoine seo ceangailte le calaois nó le drochiompar agus gur seo cuid de athscrúdú ó bhun go barr atá siad le déanamh ar an phéasfhórsa. Tá clú na calaoise ar go leor péas i Meicsiceo. Tá 34,500 [...]

Dúnmharú Michaela – fear cúisithe

teip

Cuireadh siar faoi athchur inniu Johnathan Byrne ó Chluain Saileach a bhfuil sé curtha ina leith gur dhúnmharaigh sé Michaela Davis ag deireadh na seachtaine. Níor thug an tUasal Byrne, (18) aon fhreaga nuair a cúisíodh é. Sa chúirt inniu níor lorg a dhlíodóir bannaí dó agus cuireadh faoi athchur é go dtí an Aoine. [...]

Lá ag an Dún

benny

Bhí an bua ag an Dún, ar éigean, ag Páirc an Chrocaigh inniu. Bhí díreach dhá chúilín idir an dá fhoireann sa deireadh ach is beag nár bhain an Dún nuair a bhuail an cic deireanach den chluiche, cic pionóis, an chuaille. Bhí an lámh in uachtar ag an Dún feadh an chluiche ach ní [...]

Cailín 12 bliain d’aois faighte marbh i mBÁC

coir

Fuarthas corp cailín in aice leis an Chanáil Ríoga tráthnóna inniu. D’imigh an cailín 12 bliain d’aois as radharc aréir. Bhí cónaí uirthi i mBaile Blainséir. Ní léir cad é a ba chúis lena bhás agus ní  bheidh sin soiléir go dtí go ndéanfar scrúdú iarbháis.

Féile Bhlais agus Cheoil Bhéal Feirste

Torthaí A Leibhéil

Litir oscailte chuig an Taoiseach – Guth na Gaeltachta

an gae

An Taoiseach Brian Ó Comhain & An Tánaiste Máire Ní Chochláinn, Teach Laighean, Baile Átha Cliath. A Thaoisigh agus a Thánaiste, a chairde, Tá muid ag scríobh chugaibh mar phobal Gaeltachta aontaithe mar go bhfuil imní mhór orainn faoi Thuarascáil na Roinne Airgeadais ar Chaiteachas Caipitiúil 2010-2016. Má ghlactar lena bhfuil molta, beidh deireadh go [...]

2010 © Nuacht24