An mhí is marfaí acu riamh

trupai

Bhí mí Iúil ar an mhí is measa ag arm Mheiriceá san Afganastáin riamh. Maraíodh 63 saighdiúir, an líon is mó saighdiúirí ó rinne Meiriceá ionradh ar an tír naoi mbliana ó shin. Go dtí seo bhí mí Mheithimh 2010 ar an bhliain is measa ag arm Mheiriceá  san Afganastáin. Ar maidin inniu thug saighdiúirí [...]

Bród aerach

Proinsias gan Ghaeilge

HAUGHEY

Deir urlabhraí Gaeltachta Fhine Gael, Frank Feighean, nach bhfuil sé ar intinn aige éirí as a chúram in ainneoin go leor Gaeilgeoirí a bheith míshásta nach bhfuil aon Ghaeilge aige. Dar leis agus é ag caint ar RTÉ ar maidin, dar leis nach bhfuil aon mhórfhadhb aige a chuid oibre a dhéanamh cionn is nach [...]

Tochailt ag dul ar aghaidh ar trí láthair

tochailte

Táthar ag leanúint i dtrí chontae  le tochailt do na daoine sin a d’iimigh as radharc le linn na dtrioblóidí ó thuaidh.  Tá muinín as an nua ag roinnt gaolta leis na daoine a maraíodh i ndiaidh gur aimsíodh taisí i gContae Muineacháin Déardaoin. Meastar gurb iad taisí Charles Armstrong atá i gceist ach beidh [...]

Aitheantas do 4 Ghaelscoil eile ó thuaidh – raic

caitriona

Tá aontachtaithe ag cáineadh Caitríona Ruane as a bheith ag tabhairt a bharraíocht airgid do Ghaelscoileanna sa tuaisceart. Cháin idir an DUP agus an UUP cinneadh Caitríona Ruane chun aitheantas a thabhairt do ceithre Ghaelscoil sa tuaisceart inniu. Is iad na scoileanna atá i gceist ná Gaelscoil an tSeanchaí, ar Mhacaire F iolta; Gaelscoil na [...]

Scaoileadh sa Spáinn – Éireannach marbh

spainn

Deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil siad ag cuidiú le gaolta an Éireannaigh a maraíodh in eachtra scaoilte in Benalmádena sa Spáinn go luath ar maidin inniu. Tharla an scaoileadh i Coco’s Bar in aice le Malaga. Bhí John O’Neill (40) i mbeár faoin a trí a chlog ar maidin nuair a tháinig fear isteach [...]

Adios le Maradonna

maradonna

Tá báta agus bóthar tugtha do Maradonna. Chaith sé breis agus bliain i gceannas ar fhoireann sacar na hAirgintíne, bliain chorrach is conspóideach. Ach nuair a chlis ar an fhoireann sa chluiche ceathrú ceannais de Chorn an Domhain bhí a phort seinnte agus ní raibh ann ach ceist ama go dtabharfaí báta agus bóthar dó. [...]

Aerfort Christy Ring?

rory

Tá Sinn Féin agus páirtithe eile i gContae Chorcaí in adharca a chéile – faoin ainm a ba cheart a thabhairt feasta ar Aerfort Chorcaí. Tá Sinn Féin ag iarraidh go ndéanfaí an t-aerfort a athbhaisteadh in ómós do Traolach Mac Suibhne, Ard Mhéara Chorcaí a fuair bás agus é ar stailc ocrais in 1920. [...]

Leonard faoi thionchar Yeats

cohen

Tabharfaidh Leonard Cohen cuairt phríobháideach ar uaigh WB  Yeats agus é i Sligeach an deireadh seachtaine seo. Dé Sathairn is Dé Domhnaigh beidh an cheoltóir Cheanadach ag seinm os comhair 20,000 duine ag Lisadell House agus tá gach ticéad do na cheolchoirmeacha díolta i bhfad ó shin. Ach más fíorú na físe do go leor [...]

Scoil Samhraidh Mhic Reachtain – Dinnéar Mór

2010 © Nuacht24