Tá Máirtín Ó Muilleoir i ndiaidh a bheith ceaptha ina stiúrthóir ar an comhlacht uisce ó thuaidh, NI Water. Tá sé ar dhuine de cheathrar stiúrthóir nua a ceapadh i ndiaidh do thuarascáil cáineadh géar a dhéanamh ar an dóigh a d’oibrigh an comhlacht san am a d’imigh. Shocraigh an tAire Conor Murphy báta agus [...]
Deir an Teachta Mattie Mc Grath go vótálfaidh sé i gcoinne reachtaíocht nua maidir le siolrú madraí ar an tseachtain seo caite. Bhain Fianna Fáil an ceangal aoireachta den Teachta Dála mar gheall ar a chinneadh gan tacú sa Dáil aréir leis an rialtas ar an vóta faoi sheilg carrianna. Bhain an rialtas an vóta [...]
Beidh breis agus fiche file ó chéin agus ó chóngar bailithe i gCeannaras Fhoras na Gaeilge anocht, 30 Meitheamh, nuair a sheolfar Catullus Gaelach curtha in eagar ag Pádraig B. Ó Laighin agus foilsithe ag Coiscéim. Aistriúcháin le filí comhaimseartha na Gaeilge ar dhánta Catullus atá sa leabhar seo. Cé gur i nGaeilge na hÉireann [...]
Tá an rialtas ag fiosrú tuairiscithe go raibh pásanna Éireannacha ag cuid de na daoine sin a ghabh na húdarais sna Stáit Aontaithe inné as spiadóireacht. Tá an deichniúr le tabhairt os comhair cúirte ar ball agus é curtha ina leith go raibh siad i mbun spiadóireachta don Rúis le scór bliain. Is in aim [...]
Tá an rialtas agus oifig an Rialaitheora i ndiaidh corradh is €17m a íoc as comhairle ó taobh amuigh a fháil faoi chúrsaí airgid agus iad ag iarraidh plé leis an ghearchéim airgeadais. Tugadh le fios inné gur íoc an Roinn Airgeadais os cionn €1.4m le bliain go leith anuas don bhanc infheistíochta Rothschild as [...]
CÉARD IS GAELTACHT SA 21ú AOIS? in Óstán Gaoth Dobhair Dé Sathairn, 3 Iúil 2010 ag 8.30i.n. mar chuid de Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2010 Cainteoirí ÉAMONN MAC NIALLAIS, Guth na Gaeltachta NIALL COMER, Uachtarán Chomhaltas Uladh FEARGAL Ó COILEÁIN, Stiúrthóir Comhluadar Cathaoirleach PÁDRAIG MAC FHEARGHUSA, Uachtarán Chonradh na Gaeilge Iarraim ort [...]
B’iad Paul agus Kenneth Corbally an dís a scaoileadh chun báis i mBaile Átha Cliath aréir. Tharla an scaileadh ar Bhóthar Bhaile Néill i gCluain Dolcáin nuair a thug carr eile ar a gcarr siúd stopadh. Scaoil gunnadóir nó gunnadóirí an bheirt dheartháir chun báis agus d’éalaigh leo i gcarr a fuarthas dóite amach in [...]
Deir faoinsí de chuid an Garda go bhfuil siad ag leanúint leo ag fiosrú cúrsaí drugaí i mBaile Átha Cliath agus nach bhfuil sé as an cheist go n-aimseoidh siad lastaí móra drugaí eile sa chathair sna laethanta beaga amach romhainn. Ar maidin tháinig siad ar lasta cocaon ar luach €9.5m i dteach i dTír [...]
Tráchtanna is Déanaí