Nuacht24 ar fáil anois
nuacht24 – 30 aibreán - brúigh ar an teideal ag tús na habairte seo le dul a fhad leis an eagrán is úire de Nuacht24. Bain sult as.
nuacht24 – 30 aibreán - brúigh ar an teideal ag tús na habairte seo le dul a fhad leis an eagrán is úire de Nuacht24. Bain sult as.
Fuarthas Gerry Ryan marbh ina árasán i mBaile Átha Cliath inniu. Ní léir go fóill cad a thug an bás dó. Thángthas ar a chorp ina árasán ag Droichead na Dothra. Bhí sé 53 bliain d’aois.
Tá an fear atá le bheith ina Ard Aighne ó thuaidh, John Larkin, in amhras anois faoi ghlacadh leis an phost mura gcuirtear garda ar fáil dó. Bhí plé ann faoi gharda a chur ar fáil dó faoi mar atá ag daoine aitheanta eile ó thuaidh ach tuigtear gur diúltaíodh don mholadh go mbeadh garda [...]
Tá tuismitheoirí in Ráth Tó na Mí chun dul ar aghaidh le hoscailt Gaelscoile in ainneoin an Roinn Oideachais a bheith ag diúltú aitheantas a thabhairt don scoil. Beidh seo ar an chéad Ghaelscoil le hoscailt ó dheas ó 2008. Beag beann ar an Roinn beidh Gaelscoil Ráth Tó ag oscailt i mí Meán Fómhair agus [...]
Ní raibh aon bhuaiteoir glan ar an díospóireacht teilifíse deiridh i bhfeachtas toghcháin na Breataine. Ach dar le roinnt pobalbhreith bheaga agus le bunús tráchtairí go ndearna David Cameron go fíormhaith agus is é a dtuairim siúd go raibh an bua ag Cameron. Rinne Gordon Brown go measartha agus bhí sé in ann go maith [...]
Deir an t-iarbhleachtaire, Gerry O’Carroll, go mba cheart don phobal déanamh réidh do bhabhta eile doirteadh fola i mBaile Átha Cliath i ndiaidh dhúnmharú Eamon Dunne. Maíonn an t-iarbhleachtaire go bhfuil an drongchogaíocht ina cuid bhuan de shaol na hÉireann anois agus go mbeidh cuid mhór drongadóirí i mBaile Átha Cliath ag iomaíocht lena chéile [...]
Tá riarthóirí Quinn Insurance chun a mholadh go mbrisfí 800 oibrí as a bpost. Is ionann sin agus duine as gach triúr de na fostaithe ann. Beidh an fórsaoibre á gcur ar an eolas faoi na moltaí amárach. Brisfear 300 duine láithreach bonn agus imeoidh an chuid eile sna míonna amach romhainn. Tarlóidh seo mar [...]
Deir an Teachta Dála Jim Mc Daid nach ngéillfidh seisean a phinsean ach amhái i gcás is go n-éilíonn Dáil Éireann air déanamh amhlaidh. Dar leis an iarAire go bhfuil na meáin ag brú na cainte ar fad faoi phinsean iarAirí agus measann sé go bhfuil contúirt ag dul leis. Deir an Teachta Mc Daid [...]
Tráchtanna is Déanaí