Ligeadh saor Sean Fitzpatrick díreach roimh a dó a chlog inniu agus gan cúis ar bith curtha ina leith. Ceistíodh é le 24 uair a chloig nach mór agus deir na Gardaí go bhfuil siad ag leanúint lena bhfiosrúchán. Cuirfear comhad ar aghaidh chuig Stiúrthóir na nIonchúiseanna Poiblí faoin chás.
19.03.2010 | Rannóg:
náisiúnta |
Tuilleadh »
Tá iarcheannasaí Anglo-Irish Banks, Sean Fitzpatrick, á cheistiú ag na Gardaí. Ghabh oifigigh ón aonad frithchalaoise an fhórsa SeanFitzpatrick ar maidin i gCill Mhantáin.
18.03.2010 | Rannóg:
náisiúnta |
Tuilleadh »
Ghabh na péas i gCúba roinnt mná in Habana inné nuair a ghlac 30 bean páirt i léirsiú agus iad ag iarraidh go ligfí saor easaontóirí frithrialtais atá faoi ghlas. Tá roinnt de na cimí sin ar stailc ocrais agus an mhí seo caite cailleadh duine acu, Orlando Zapata Tamayo. Cime coinsiasa a bhí ann [...]
18.03.2010 | Rannóg:
idirnáisiúnta |
Tuilleadh »
Tá ceisteanna á gucr faoin ról a d’imir Easpag Dhoire, an tEaspag Séamas Ó hEigeartaigh, in eachtra a bhain le sagart a raibh sé curtha ina leith gur ionsaigh sé cailín thar tréimhse roinnt blianta. Dar leis an nuachtán an Belfast Telegraph gur spreag an scéal faoi ról an Chairdinéal Uí Bhradaigh i gcás Brendan [...]
18.03.2010 | Rannóg:
náisiúnta |
Tuilleadh »
Scaoileadh chun báis beirt fhear a róbáil banc i dTennessee inné. Bhí duine acu gléasta mar a bheadh leipreachan ann. Deir na péas go raibh duine acu ag caitheamh éidí glasa, hata glas agus go raibh feasóg bhréige aige lena chois. D’éalaigh an bheirt ach nuair a chuaigh na péas sa tóir orthu chuaigh carr [...]
18.03.2010 | Rannóg:
idirnáisiúnta |
Tuilleadh »
nuacht24 – 15 márta
16.03.2010 | Rannóg: Uncategorized |
Tuilleadh »
Grianghraif ó Rith 2010 agus é i gceantar an Iúir agus Dhún Dealgáin.
11.03.2010 | Rannóg:
gaeilge |
Tuilleadh »
Tugadh bean agus fear os comhair na cúirte inniu agus cuireadh siar faoi athchur iad. Níor ligeadh do na meáin dul isteach sa chúirt. Fear as an Chróit agus bean ó Mheiriceá an dís a tugadh i láthair na cúirte. Measatar go mbaineann an chúisiú leis an chomhcheilg a bhí ar bun, más fíor, chun [...]
11.03.2010 | Rannóg:
náisiúnta |
Tuilleadh »
Deir an Taoiseach go bhfuil muinín aige as an Aire Mary Harney in ainneoin eolas a bheith ann anois faoi neamart i gcás 60,000 x-gá a rinneadh in ospidéal Tamhlacht le roinnt blianta anuas. Agus é ag caint sa Dáil ar maidin dhiúltaigh an Taoiseach d’éileamh ó Eamonn Gilmore go mbrisfí Mary Harney as a [...]
10.03.2010 | Rannóg:
náisiúnta |
Tuilleadh »
Tráchtanna is Déanaí