Ní dhéanfar athnuachan ar an suíomh seo go dtí Luan 9 Márta a fhad is go bhfuil obair á déanamh ar an suíomh agus ar Nuacht24. Ár leithscéal as seo ach beimid ar ais i mbun gnóithe mar is nós ó 9 Márta ar aghaidh. Idir an dá linn tá an t-eagrán is úire de [...]
27.02.2010 | Posted in
nuacht |
Read More »
Deir RTÉ/Raidió na Gaeltachta go gcraolfar an tAifreann Gaeilge ar an stáisiún gach Domhnach ó mhí Mheán Fómhair. Cáineadh an stáisiún ag tús na bliana seo nuair a d’fhógair siad nach gcraolfaí an tAifreann ach uair sa mhí feasta mar gheall ar chiorruithe. Ach inné thug siad le fios go gcraolfar an tAifreann dhá uair [...]
26.02.2010 | Posted in
nuacht |
Read More »
Beidh os cionn tríocha grúpa ón Ghaeltacht i láthair inniu nuair a éistfidh an Coiste Dála ar Ghnóthaí na Gaeilge fianaise faoi stráitéis fiche bliain na Gaeilge. Beidh an ócáid ann san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh i gCois Fharraige.
26.02.2010 | Posted in
nuacht |
Read More »
San Afganastáin maraíodh 17 duine ar a laghad nuair a d’ionsaigh buíon de throdairí an Talaban targaidí sa phríomhchathair Cabúl. D’ionsaigh cúigear nó seisear trodaire ionaid siopadóireachta agus roinnt ostáin. Bhí ceathrar ón India orthu sin a maraíodh.
26.02.2010 | Posted in
nuacht |
Read More »
Tá cás ag dul ar aghaidh san ArdChúirt i mBaile Átha Cliath maidir le giúiré le Gaeilge a bheith ar fáil i gcás Gael atá os comhair cúirte. Agus tá dréim leis go rachaidh an cás seo ar aghaidh go dtí an Chúirt Uachtarach ar achomharc is cuma cé acu dream a bhaineann. Tá fear [...]
25.02.2010 | Posted in
nuacht |
Read More »
Tá tuairimíocht ann go raibh ceangal éigin ag easaontóirí Poblachtacha le marú fir i nDoire. Fuarthas corp an fhir ar maidin taobh thiar d’ionad Críostaíochta ar bhóthar Leitir Ceannain. Scaoileadh sa chloigeann é deirtear agus bhí a lámha ceangailte le chéile.Seachas a fh0-éadaí bhí an fear lom nocht. Cháin polaiteoirí na háite an marú.
25.02.2010 | Posted in
nuacht |
Read More »
Tá cráin dhubh á lochtú as bás traenálaí ag muirpháirc SeaWorld in Orlando i bhFlorida inné. Fuarthas corp an traenalaí san uisce tamall i ndiaidh do dhaoine tabhairt le fios go bhfuair an cráin dhubh gréim uirthi agus tharraing isteach faoin uisce í. Bhí an traenálaí, Dawn Brancheau, ar dhuine de na traenálaithe is mó [...]
25.02.2010 | Posted in
nuacht |
Read More »
Tá foinsí rialtais ag tabhairt le fios go bhfuil an Taoiseach ag brath atheagar a chur ar an Chomhaireacht sna seachtainí beaga amach romhainn. Tá an tAire Willie O’Dea imithe ón rialtas ar na mallaibh agus an tAire Stáit Trevor Sargent. Tá tuairimíocht ann go bhfuil an tAire Martin Cullen ar tí éirí mar gheall [...]
25.02.2010 | Posted in
nuacht |
Read More »
In ainneoin cháineadh Aontas na hEorpa mhol ceannasaí fhreasúra na hIosrael Tzipi Livni inniu marú Mahmoud al-Mabhouh i mí Eanáir. Ag caint ar bhás cheannasaí Hamas, a fuarthas marbh i seomra i dteach ósta in Dubai agus an chosúlacht air gur leictreamharaíodh é agus gur plúcadh é ag lámha an Mossad. Arsa bean Livni; “Cionn [...]
24.02.2010 | Posted in
nuacht |
Read More »
Agus an tír go fóill thíos le cúlú eacnamaíochta, fuarthas tógáil cian in earnáil tithe athdíolta agus trí oiread acu díolta i mí na Nollag ná mar a díoladh ag an am sin anuraidh. De réir tuairisce ó MyHome.ie, cuireadh tús leis an treocht i ndíol na dtithe athdíolta agus ag leanúint leis, rinneadh margadh [...]
24.02.2010 | Posted in
nuacht |
Read More »