Tá Aerfort Bhaile Átha Cliath chun €2m a chur ar leataobh chun go dtiocfadh leo innill nua scanta a cheannach dá sílfí go mbeadh gá leo.
Dar le húdarás an aerfoirt gur mhaith leo na hinnill úra a thástáil sula ndéanfadh siad cinneadh faoina gceannach.
Tá aerfoirt i Sasana agus san Ísiltír ag ceannach na n-inneall nua [...]
January 27, 2010 | Postáilte in
nuacht |
Tuilleadh »
Tá comhairleoirí agus pobal i gContae Chorcaí ar buile cionn is nach bhfuil an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta (an NRA) sásta airgead a chur ar fáil chun bóthar thar a bheith contúirteach a dheisiú.
Maraíodh deichniúr ar an bhóthar N72 idir Mala agus Baile Chaisleáin an Róistigh.
Baineann 3,000 feithicil sa lá úsáid as an bhóthar agus [...]
January 27, 2010 | Postáilte in
nuacht |
Tuilleadh »
Tuigtear go dtabharfar cuireadh do sheacht n-eagras Gaeltachta a dtuairimí a chur i láthair an Chomhchoiste Oireachtais atá ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.
Tuigtear do Nuacht24 go n-iarrfar ar eagras ó gach ceann de na contaetha a bhfuil Gaeltacht iontu theacht i láthair cruinniú den choiste san Iarthar.
Tionólfar an cruinniú sin taobh istigh de [...]
January 27, 2010 | Postáilte in
gaeilge |
Tuilleadh »
Tá an cúpla a rugadh agus iad nasctha le chéile ag an bhrollach ar ais sa bhaile anois agus fanfaidh siad ann go ceann roinnt míonna sula rachaidh siad faoi scian féacháil lena scaradh óna chéile.
Ligeadh Hassan agus Hussein amach as ospidéal Chorcaí, Déardaoin, agus thug a dtuismitheoirí, Angie Benhaffaf agus Azzedine Benhaffaf, cuireadh do [...]
January 27, 2010 | Postáilte in
nuacht |
Tuilleadh »
Don seachtú huair as a chéile, bhí Fine Gael chun tosaigh ar Fhianna Fáil i bpobalbhreith is úire The Irish Times/MRBI.
Ach beidh oiread de chúis imní ag Fine Gael agus a bheidh de chúis cheiliúrtha acu nó in ainneoin na gciorruithe, an ghéar-bhuiséid agus NAMA, neartaigh tacaíocht an phobail d’Fhianna Fáil agus do Brian Cowen.
Beidh [...]
January 27, 2010 | Postáilte in
nuacht |
Tuilleadh »
Chuir An Post stampa ar fáil, an tseachtain seo, ag comóradh 150 bliain ó lá breithe Dhubhghlais de hÍde. Bhí de hÍde ar na daoine ba thábhachtaí i stair na hathbheochana agus ar bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge. An Craoibhín Aoibhinn an leasainm a d’úsáid sé agus é ag scríobh agus bhí meas mór air mar [...]
January 27, 2010 | Postáilte in
gaeilge |
Tuilleadh »
Tá an Irish Nationwide chun seilbh a ghabháil ar an teach a bhí ag Conor Cruise O’Brien, an teach a bhfuil Máire Mhac an tSaoi ina cónaí ann i rith an ama. Bhí an áisíneacht ag iarraidh seilbh a thógáil ar an teach le tamall maith anuas cionn is nárbh fhéidir le hiníon agus mac [...]
January 27, 2010 | Postáilte in
nuacht |
Tuilleadh »
Plab! Druidim dorais.
Má thiteann an Tionól, ní bheidh sé ar ais go ceann roinnt blianta.
Cuireadh sin ar a súile do bhaill tionóil an DUP agus Shinn Féin araon le linn dhianchainteanna géarchéime na seachtaine seo.
Ach fiú agus macalla na bagartha sin sna cluasa acu, níorbh fhéidir an bhearna idir an dá thaobh a thrasnú.
Bíodh iarracht [...]
January 26, 2010 | Postáilte in
nuacht |
Tuilleadh »
Déan click ar an násc seo go bhfeicfidh tú an t-eagrán is úire de Nuacht24
January 6, 2010 | Postáilte in
nuachtán |
Tuilleadh »
Scaoil péas na Danmhairge fear a bhí i ndiaidh briseadh isteach i dteach an chartúnaí conspóideach Kurt Westergaard. Bhí Westergaard ar dhuine d’fhoireann cartúnaithe a rinne sraith de chartúin a tharraingt in 2005, cartúin a spreag léirsithe agus forneart fud an domhan Moslamaigh. Léirigh na cartúin Mohammed mar a bheadh buamadóir ann. Aréir d’éirigh le [...]
January 2, 2010 | Postáilte in
nuacht |
Tuilleadh »